Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois bhí féile an Aráin gan Laibhín, dá ngairtear an Cháisc, ag druidim leo.

2. Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh caoi a fháil lena chur chun báis; mar bhí eagla orthu roimh na daoine.

3. Ba ansin a chuaigh Sátan isteach i nIúdás a raibh Iscariót mar shloinne air, a bhí ina dhuine den dáréag;

4. agus d'imigh sé go ndeachaigh i gcomhairle leis na hardsagairt agus leis na ceannfoirt faoi conas a chuirfeadh sé ina lámha é.

5. Agus bhí áthas orthu, agus gheall siad go dtabharfaidís airgead dó.

6. D'aontaigh sé leo mar sin, agus bhí sé ag breith ar fhaill lena chur ina lámha nuair nach mbíodh slua daoine i láthair.

7. Ba ansin a tháinig lá an Aráin gan Laibhín, an lá ar chóir uan na cásca a mharú mar íobairt.

8. Mar sin, chuir Íosa Peadar agus Eoin uaidh, agus dúirt sé leo, “Imígí a ullmhú na cásca dúinn go n‑ithimid í.”

9. D'fhreagair siadsan dó, “Cá háit is toil leat sinne a hullmhú?”

10. Is é a dúirt sé leo, “Féachaigí, nuair a bheidh sibh i ndiaidh dul isteach sa chathair, casfar fear oraibh agus é ag iompar soithigh d'uisce; leanaigí é isteach sa teach a dtéann sé isteach ann

11. agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’

12. Agus taispeánfaidh sé daoibh an seomra mór in uachtar an tí agus é feistithe gléasta; ullmhaígí ansin.”

13. Agus d'imigh siad agus tharla mar d'inis sé dóibh, agus d'ullmhaigh siad an cháisc.

14. Agus nuair a tháinig an t‑am, shuigh sé chun boird é féin agus na haspail.

15. Agus dúirt sé leo, “Ba é mian mo thola an cháisc seo a ithe libh roimh mo pháis;

16. mar deirim libh nach n‑íosfaidh mé í go gcomhlíontar í i ríocht Dé.”

17. Agus ghlac sé cupán agus thug sé buíochas agus dúirt sé,

18. “Glacaigí seo agus roinn eadraibh féin é, mar insím daoibh nach n‑ólfaidh mé aon bhraon de thoradh na fíniúna go dtaga ríocht Dé.”

19. Agus ghlac sé arán agus thug sé buíochas agus roinn sé é gur thug dóibh é, á rá, “Is é seo mo chorpsa.

21. Ach siúd lámh mo bhrathadóra ar aon bhord liom.

22. Mar imíonn Mac an duine mar a cinneadh dó; ach is mairg don duine sin a dhéanfas a bhrath!”

23. Agus chuaigh siad a cheistiú a chéile, faoi cé acu a dhéanfadh a leithéid.

24. D'éirígh díospóireacht eatarthu, faoi cé acu a mheasfaí ar an bhfear ba mhó.

25. Agus dúirt sé leo, “Bíonn ríthe na nGintlithe ag imirt forlámhais orthu, agus tugtar dea dhaoine déirceacha ar a lucht rialaithe.

26. Ach ní hamhlaidh daoibhse; ina ionad sin bíodh an té is mó oraibh mar an té is óige, agus an taoiseach mar an timire.

27. Mar cé is mó céim, an té a bhíos ina shuí ag bord, nó an té a bhíos ag freastal? Nach é an té a bhíos ina shuí ag an mbord? Ach bímse mar fhreastalaí eadraibh.

28. “Is sibh a d'fhan liom nuair a cuireadh cathuithe orm;

29. mar a bhronn m'Athair ríocht orm, is amhlaidh a bhronnaim oraibhse

30. bheith ag ithe agus ag ól ag aon bhord liom i mo ríocht, agus bheith in bhur suí ar dhá ríchathaoir déag le breithiúnas a thabhairt ar an dá threibh déag d'losrael.

31. “A Shiomóin, a Shíomóin, bhí Sátan do bhur n‑éileamh le bhur gcriathrú mar chruithneacht,

32. ach tá mise tar éis guí ar do shon chun nach gclisfidh do chreideamh; agus nuair a iompaíonn tusa, bí ag neartú le do bhráithreacha.”

33. Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.”

34. Ach ar seisean leis, “Insím duit, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach an mhaidin seo, go séanfaidh tú faoi thrí go bhfuil aithne agat orm.”

35. Agus ar seisean leo, “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan mhála gan bhróga, an raibh easpa aon ní oraibh?” Agus d'fhreagair siad, “Ní raibh.”

36. Agus dúirt sé leo, “Ach anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é, agus mála lena chois. Agus an té nach bhfuil claíomh aige díoladh sé a fhallaing le ceann a cheannach.

37. Mar táim ag insint daoibh go gcaithfidh mé an focal sin an scrioptúir a chomhlionadh, ‘Agus bhíothas á mheas ar an dream a bhí ciontach,’ mar tá ar scríobhadh fúm ag teacht i gcrích.”

38. Agus dúirt siad, “Féach, a Thiarna, seo dhá chlaíomh.” Agus dúirt sé leo, “Déanfaidh sin cúis.”

39. Agus d'imigh sé mar ba ghnáth leis go Cnoc na nOlóg; agus lean na deisceabail é.

40. Agus nuair a shroich sé an áit dúirt sé leo, “Bígí ag guí gan cathú a theacht oraibh.”

41. Agus chuaigh sé i leataobh faoi urchar cloiche uathu, go ndeachaigh ar a ghlúine agus go ndearna urnaí,

42. “A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.”

43. Agus nocht aingeal ó neamh dó ag neartú leis.

44. Agus bhí pianpháis air agus d'éirígh a urnaí ní ba dhúthrachtaí arís; agus allas air a thit anuas ar an talamh mar a bheadh ina bhraonta móra fola.

45. Agus nuair a d'éirigh sé aníos ón urnaí, chuaigh sé go dtí na deisceabail go bhfuair ina suan iad le méid a mbróin,

46. agus is é a dúirt sé leo, “Cad é an codladh sin oraibh? Éirígí agus bígí ag urnaí nach dtaga an cathú oraibh.”

47. Ní raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig slua daoine, agus iad á dtreorú ag an bhfear sin a raibh Iúdás mar ainm air, ba dhuine den dáréag. Dhruid sé le hÍosa lena phógadh;

48. ach arsa Íosa leis, “A Iúdáis, an dtabharfá póg an fhill do Mhac an duine?”

49. Agus nuair a thuig a lucht leanúna féin cad é a thiocfadh de, dúirt siad, “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?”

50. Agus bhuail duine acu mogha an ardsagairt gur bhain an chluas dheas dá leiceann.

51. Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í.

52. Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh?

53. Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”

54. Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh.

55. Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu.

56. Ansin chonaic cailín aimsire é ina shuí faoin solas agus d'amharc air, agus dúirt sí, “Bhí an fear seo ina chuideachta freisin.”

57. Ach shéan sé é agus dúirt sé, “A bhean úd, níl aon aithne agam air.”

58. Agus tamall beag ina dhiaidh sin chonaic duine áirithe eile é agus dúirt leis, “Is duine díobh tusa freisin.” Ach is é a dúirt Peadar leis, “A ghiolla úd, ní díobh mé.”

59. Agus nuair a chuaigh tuairim is uair a chloig thart thosaigh an tríú fear ar a dhearbhú agus dúirt sé, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo ina chuideachta; mar is Galailéach é.”

60. Ach dúirt Peadar, “A ghiolla úd, ní thuigim cad é atá tú a mhaíomh.” Agus sa nóiméad úd, sul ar fhág an focal a bhéal, scairt an coileach.

61. Agus thiontaigh an Tiarna thart agus d'amharc sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar bhriathar an Tiarna, agus ar an gcaint a dúirt sé leis, “Sula scairtfidh an coileach ar maidin inniu, séanfaidh tú faoi thrí mé.”

62. Agus d'imigh sé roimhe amach gur shil sé deora go géar goirt.

63. Anois bhíodh na fir a raibh greim acu ar Íosa ag magadh agus á bhualadh;

64. agus chuir siad dallóg ar a shúile agus d'fhiafraigh siad de, “Déan fáistine, a fháidh! Inis cé a bhuail thú?”

65. Agus is iomaí focal maslach eile a labhair siad leis, agus iad ag tabhairt íde béil dó.

66. “Nuair a ghealaigh an lá, bhí seanóirí an chine cruinnithe, idir ardsagairt agus scríobhaithe; agus thug siad isteach os comhair a seanaid é, agus dúirt siad leis,

67. “Más tú an Críost, inis dúinne é.” Ach ba é a dúirt sé leo, “Má insím daoibh gur mé, ní chreidfidh sibh uaim é;

68. agus má fhiafraím díbh an mé, ní thabharfaidh sibh freagra orm.

69. Ach ón am seo amach beidh Mac an duine á shuíomh ar dheasláimh chumhacht Dé.”

70. Agus d'fhiafraigh siad uile de, “An tú Mac Dé mar sin?” Agus dúirt sé leo, “Is sibhse atá á rá gur mé.”

71. Agus dúirt siad, “Cad é an gnó atá againn le tuilleadh fianaise? Táimid tar éis a chluinstin óna bhéal féin.”