Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhíodh na bailitheoirí cánacha agus na peacaigh uile ag teacht chuige le bheith ag éisteacht leis.

2. Agus bhíodh na Fairiséigh agus na scríobhaithe ag fáil locht air, á rá faoi, “Bíonn fáilte ag an bhfear seo roimh na peacaigh agus bíonn sé ag ithe ina gcuideachta.”

3. Thug sin air an fáithscéal seo a insint dóibh:

4. “Cén fear agaibh a bhfuil céad caora aige, agus é i ndiaidh aon chaora amháin acu a chailleadh, nach bhfágann na naoi gcaora agus nócha ina dhiaidh san fhásach, agus nach dtéann ar lorg na haon chaorach amháin a cailleadh go dtí go bhfaigheann sé í?

5. Agus nuair a fhaigheann sé í, tógann sé ar a dhá ghualainn í agus lúcháir air.

6. Agus nuair a thagann sé abhaile, cruinníonn sé le chéile a chairde agus a chomharsana, agus deir sé leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an chaora a bhí caillte agam a fháil arís.’

7. Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna ar neamh, agus gur mó an lúcháir a dhéanfar faoi aon pheacach amháin a dhéanfas aithrí ná faoi naoi bhfíréan agus nócha nach mbíonn gnó acu le haithrí.

8. “Nó cé hí an bhean a bhfuil deich mbonn airgid aici, agus a chailleas aon bhonn amháin acu, nach lasann lampa agus nach dtéann a scuabadh an tí agus a chuardach ar a seacht ndícheall go dtí go bhfaigheann sí é.

9. Agus nuair a thagann sí air, cruinníonn sí a cairde agus a comharsana ina timpeall agus deir sí leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an bonn a bhí caillte agam a fháil arís.’

10. Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna i measc aingeal Dé nuair a dhéanfar lúcháir faoi aon pheacach amháin a mbeidh aithreachas air.”

11. Agus ar seisean leo, “Bhí fear ann aon uair amháin a raibh beirt mhac aige;

12. agus dúirt an mac ab óige acu leis an athair, ‘A athair, tabhair dom a bhfuil ag teacht chugam.’ Agus roinn sé a chuid den saol idir an bheirt.

13. Ní dheachaigh mórán laethanta thart gur chruinnigh an mac ab óige a raibh aige, agus gur imigh sé leis ar a aistear chuig tír a bhí i bhfad ar shiúl, agus gur scaip sé a mhaoin ar drabhlás.

14. Agus nuair a bhí an chianóg dheireanach caite aige, d'éirígh gorta mór sa tír úd, agus thosaigh an ainnis ar theannadh airsean.

15. Agus chuaigh sé ar fostú ag saoránach de chuid na tíre úd, agus chuir seisean amach faoi na páirceanna é a thabhairt aire do mhuca.

16. Agus bhí fonn air bheith beo ar na faighneoga a bhí mar bhia ag na muca; agus gan déirc le fáil aige ó aon duine.

17. Ach nuair a tháinig sé chuige féin dúirt sé leis féin, ‘Nach iomaí sin duine atá ar fostú ag m'athairse agus a sá aráin agus fuílleach acu, agus a rá is go bhfuil mise anseo ag fáil bháis leis an ocras!

18. Bím ag éirí agus ag dul chuig m'athair, agus déarfaidh mé leis, ‘A athair, is dubh ar m'anam é, agus mé i mo pheacach os comhair neimhe agus os do chomhairse;

19. ní fiú mé níos faide bheith do mo mheas mar mhac leatsa; ach bím agat mar dhuine de do sheirbhísigh atá ar fostú agat.’

20. Agus d'éirígh sé ansin go ndeachaigh chuig a athair. Ach nuair a bhí sé tamall uaidh go fóill, chonaic a athair é, agus thug sé trua dó, agus rith sé chuige gur chuir a dhá láimh thairis agus gur thug sé póg dó.

21. Agus dúirt an mac leis, ‘A athair, is peacach mé in aghaidh neimhe agus os do chomhairse; ní fiú mé go measfaí mar do mhac mé níos faide.’

22. Ach is é a dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh, ‘Tugaigí amach go beo an chulaith is fearr sa teach, agus cuirigí air í; agus cuirigí fáinne ar a mhéar, agus bróga ar a chosa;

23. agus tugaigí amach an lao biata agus maraígí é, agus bímis go súgach, agus déanaimis gairdeas;

24. mar bhí an mac seo agam marbh, agus tá sé beo arís; bhí sé caillte, ach fuarthas anois é.’ Agus thosaigh siad ar bheith go súgach.

25. “Anois bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc; agus nuair a tháinig sé agus a dhruid sé leis an teach, chuala sé ceol agus damhsa.

26. Agus ghlaoigh sé ar dhuine de na seirbhísigh gur fhiafraigh cad ba chiall dó.

27. Agus dúirt sé leis, ‘Tá do dheartháir i ndiaidh teacht, agus d'athair i ndiaidh an lao biata a mharú, ó d'fhill sé chuige slán sábháilte.’

28. Agus tháinig fearg air agus dhiúltaigh sé dul isteach. Tháinig a athair amach a chur impí air,

29. ach d'fhreagair sé impí a athar mar seo, ‘B'shiúd mé an iomad seo blianta ag obair duit, gan d'ordú a shárú riamh; agus gan tú oiread agus meannán a thabhairt dom, le pléisiúr a dhéanamh le mo chairde.

30. Ach nuair a tháinig an mac sin agat ar ól sé féin agus a chuid striapach do chuid den saol, mharaigh tú an lao biata dó!’

31. Agus dúirt sé leis, ‘A mhic, bíonn tú liom i gcónaí, agus is leat a bhfuil agam.

32. Ba é an ceart a bheith súgach meidhreach, mar bhí do dheartháirse anseo marbh, agus tá sé beo anois; cailleadh é, agus fuarthas arís é.’”