Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a bhí sé ag dul thart, chonaic sé fear a bhí dall ó bhroinn.

2. Agus chuir a dheisceabail ceist air, “A Rabbí, an é a pheaca féin nó peaca a thuismitheoirí is cointach leis, gur rugadh ina dhall é?”

3. Is é a d'fhreagair Íosa, “Ní de bharr pheaca an fhir seo ná pheaca a thuismitheoirí a tharla seo, ach mar dhúil is go nochtfaí mórfhearta Dé air.

4. Caithfimid oibreacha an té a chuir anseo mé a shaothrú amach, fad agus atá sé ina lá; tá an oíche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine bheith ag obair.

5. Chomh fada agus a bhímse ar an domhan, is mé solas an domhain.”

6. San am a raibh sé ag rá na cainte sin, chaith sé seile ar an talamh, agus rinne sé dóib den tseile, agus chuimil sé an dóib de shúile an fhir,

7. agus dúirt sé leis, “Imigh, nigh thú féin i linn uisce Shilóam” (Teachtaireacht is ciall leis sin). Chuaigh sé leis gur nigh sé é féin gur fhill agus amharc na súl aige.

8. Is é a dúirt na comharsana agus an dream a d'fheiceadh roimhe sin é ag iarraidh déirce, “Nach é sin an fear a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce?”

9. Dúirt cuid acu, “Is é atá ann;” bhí an dara dream ann a dúirt, “Ní hé sin é, ach duine atá cosúil leis.” Ach dúirt sé féin, “Is mise an fear.”

10. D'fhiafraigh siad de ansin, “Conas mar sin a osclaíodh do shúile?”

11. Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.”

12. D'fhiafraigh siad de, “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar seisean.

13. Tugadh an fear a bhí ina dhall roimhe sin os comhair na bhFairiséach.

14. Anois ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an dóib agus ar oscail sé a shúile.

15. D'fhiafraigh na Fairiséigh de arís conas a fuair sé a amharc. Agus ar seisean leo, “Chuir sé an dóib ar mo shúile agus nigh mé iad, agus feicim leo.”

16. Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a d'fhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” D'éirigh easaontas eatarthu.

17. Dúirt siad mar sin arís leis an dall, “Cad é atá le rá agat faoi, ós é a d'oscail do shúile?” “Is fáidh é,” ar seisean.

18. Ni chreidfeadh na Giudaigh gur dall a bhí ann a fuair a amharc, go dtí gur chuir siad fios ar thuismitheoirí an fhir a fuair an t‑amharc,

19. agus gur fhiafraigh siad díobh, “An é sin bhur mac, an té a deir sibh a rugadh ina dhall? Conas mar sin a fheiceas sé anois?”

20. Ba é freagra a thuismitheoirí, “Is feasach dúinn gurb é sin ár mac, agus gur rugadh dall é;

21. ach conas a fheiceas sé anois nó cé a d'oscail a shúile, sin nithe nach bhfuil ar eolas againn. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir, labhróidh sé ar a shon féin.”

22. Dúirt a thuis­mitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a d'admhódh gurbh é an Críost é.

23. Is í sin an chúis a ndúirt na tuismitheoirí, “Tá sé in aois fir, bígí á fhiafraí de féin.”

24. Mar sin de chuir siad fios den dara huair ar an bhfear a bhí dall ó bhroinn, agus ar siadsan leis, “Tabhair an moladh do Dhia; tá a fhios againn gur peacach é an fear sin.”

25. D'fhreagair sé, “Más peacach é, sin rud nach bhfuil ar eolas agam; tá fhios agam an t‑aon rud amháin, go raibh mé i mo dhall, agus go bhfeicim anois.”

26. Dúirt siad leis, “Cad é sin a rinne sé leat? Conas a d'oscail sé do shúile?”

27. Ba é a fhreagra, “Tá sé inste agam daoibh cheana, agus gan é de thoil agaibh éisteacht liom. Cad chuige ar mhian libh a chluinstin arís? Nó an bhfuil fonn oraibh bheith in bhur ndeisceabail aige freisin?”

28. Chuaigh siad a fhonóid faoi ansin, agus á rá, “Tusa deisceabal an duine sin, sinne deisceabail Mhaois.

29. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois, ach i dtaca leis an duine seo, níl a fhios againn go fiú cad as dó.”

30. D'fhreagair an fear, “Nach mór an t‑iontas é sin! Gan a fhios agaibh cad as dó, agus é i ndiaidh mo shúile a oscailt.

31. Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia leis na peacaigh, ach go n‑éisteann sé leis an té a bhíos á adhradh agus ag déanamh toil Dé.

32. Níor chualathas ó chruthú an domhain gur oscail aon duine súile fir a bhí dall ó bhroinn.

33. Ni fhéadfadh an fear seo faic a dhéanamh, mura mbeadh sé ó Dhia.”

34. D'fhreagair siadsan é, “Is gin pheacúil tú go huile agus go hiomlán, an mian leat eolas a mhúineadh dúinn?” Agus chaith siad amach é.

35. Chuala Íosa faoina bheith caite amach acu, agus nuair a fuair sé é chuir sé forrán air, “An gcreideann tusa i Mac an duine?”

36. Is é a d'fhreagair sé, “Agus cé hé féin, a Shaoi, ionas go gcreide mé ann?”

37. Arsa Íosa leis, “Chonaic do shúil é, agus is é atá ag caint leat.”

38. “Creidim, a Thiarna,” ar seisean, agus thug sé adhradh dó.

39. Arsa Íosa, “Is le haghaidh breithiúnais a tháinig mise isteach sa saol seo, ionas go bhfeice na daill, agus go dtaga daille ar an dream a fheiceas.”

40. Chuala cuid de na Fairiséigh, a bhí ina aice, sin, agus dúirt siad leis, “An bhfuilimidne inár ndaill freisin?”

41. Arsa Íosa leo, “Dá mbeadh sibh dall ní bheadh aon choir pheaca oraibh; ach ó deir sibh anois, ‘Tá ár n‑amharc againn’, fanann coir bhur bpeaca oraibh go buan.