Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Is fíor atá, is fíor mo rá, an té nach dtéann isteach ar dhoras na banraí ach ag dreapadh suas inti bealach eile, bithiúnach bradach é an fear sin;

2. ach an té a théas isteach ar an doras is é aoire ceart na gcaorach é.

3. Is roimhe a osclaíos an doirseoir; tugann na caoirigh cluas orthu féin leis, agus gaireann sé ina n‑ainmneacha ar a chuid caorach féin, agus seolann sé amach iad.

4. Nuair a bhíos a chuid caorach féin tugtha amach aige, siúlann sé rompu amach agus bíonn na caoirigh á leanúint, mar aithníonn siad glór a chinn.

5. Ni leanfaidh siad coimhthíoch, ach ag teitheadh uaidh, ó nach n‑aithnionn siad glór coimhthíoch.”

6. Bhí an tsamhlaoid seo ag Íosa leo, ach níor thuig siad cad é a bhí sé a rá leo.

7. Dúirt Íosa leo arís mar sin, “Is fíor atá, is fíor mo rá, is mise doras na gcaorach.

8. Lucht bradaíola agus bithiúntais a bhí inar tháinig romham; ach ní raibh aire ag na caoirigh orthu.

9. Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt.

10. Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing.

11. Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach.

12. An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad.

13. Teitheann sé ó bíonn sé ar fostú gan suim ná spéis a bheith aige sna caoirigh.

14. Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm,

15. mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim m'anam ar son na gcaorach.

16. Agus tá caoirigh eile agam, nach den bhanrach seo iad; caithfidh mé iad a thabhairt liom freisin, agus tabharfaidh siad cluas do mo ghlór. Mar sin ní bheidh ann ach an t‑aon tréad amháin agus an t‑aon aoire amháin.

17. Is as seo a bhíos grá ag an Athair dom, go dtugaim uaim m'anam, lena ghlacadh chugam.

18. Ní ghlacann duine ar bith uaim é, is de mo dheoin féin a thugaim uaim é. Tá cumhacht agam lena thabhairt uaim, agus tá cumhacht agam lena ghlacadh chugam arís; is é sin an ní a thaobhaigh m'Athair liom.”

19. Bhí easaontas arís ann i measc na nGiúdach faoi na briathra sin aige.

20. Dúirt mórán acu, “Tá deamhan ina chorp, agus tá sé as a chúrsa; cad chuige bheith ag éisteacht leis?”

21. Dúirt dream eile, “Ní hiad seo ráite duine a mbeadh deamhan ann. An bhféadfadh deamhan súile an daill a oscailt?”

22. Ba í féile an Choisreacain í in Iarúsailéim;

23. ba é an geimhreadh é, agus bhí Íosa ag siúl sa teampall, i gcolonáid Sholaimh.

24. Bhailigh na Giúdaigh mar sin ina thimpeall agus dúirt siad leis, “Cá fhad a bheimid idir dhá chomhairle agat? Más tú an Críost, inis dúinn go soiléir é.”

25. Ba é freagra Íosa orthu, “D'inis mé daoibh, agus ní chreideann sibh uaim é. Na hoibreacha a bhíos á ndéanamh agam in ainm m'Athar, is iad a thugas fianaise i mo thaobh;

26. ach ní chreideann sibhse ó nach de mo chaoirigh sibh.

27. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus bíonn aithne agam orthu, agus leanann siad mé;

28. agus tugaim an bheatha shíoraí dóibh, agus ní chaillfear iad agus ní fhuadóidh aon duine iad as mo láimh.

29. Níl an té ann is mó cumhacht ná m'Athair atá i ndiaidh iad a thabhairt dom, agus níl duine ann a d'fhéadfadh a sciobadh as láimh m'Atharsa.

30. Tá mise agus an tAthair inár n‑aon.”

31. Thóg na Giúdaigh clocha arís lena gcaitheamh leis.

32. Thug losa freagra orthu, “Tá mórán dea-oibreacha taispeánta agam daoibh ón Athair; cé acu a thug oraibh bás a imirt orm leis na clocha seo?”

33. D'fhreagair na Giúdaigh, “Ní faoi dhea-oibreacha atáimid le bás a imirt ort le clocha ach faoi dhiamhasla; faoi tusa a bheith ag maíomh gur tú Dia agus tú i do dhuine.”

34. D'fhreagair Íosa iad, “Nach bhfuil scríofa sa dlí is agaibhse, ‘Dúirt mé, is déithe sibh’?

35. Más rud é gur tugadh déithe ar dhaoine ar tháinig briathar Dé chucu (agus ní féidir an scrioptúr a chur ar ceal),

36. an féidir libh a rá leis an té ar naomhaigh an tAthair é agus ar chuir sé isteach sa domhan é, ‘Tá tú ag caitheamh masla ar Dhia,’ as mé á rá gur mé Mac Dé?

37. Mura mbím ag déanamh oibreacha m'Athar, a chead agaibh amhras a chur ionam;

38. ach má bhíonn siad á ndéanamh agam, mura gcreideann sibh ionamsa, creidigí do na hoibreacha, ionas go n‑aithní sibh agus go dtuige sibh go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”

39. Thug siad iarraidh ar é a ghabháil athuair, ach d'éalaigh sé as a lámha.

40. D'imigh sé leis arís anonn thar an Iornán go dtí an áit a mbíodh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d'fhan sé ansin.

41. Agus tháinig mórán chuige; agus dúirt siad, “Ní dhearna Eoin aon chomhartha, ach tá a ndúirt Eoin i dtaobh an fhir seo uile go léir fíor.”

42. Agus chreid mórán ann ansin.