Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Is mise an fhíniúin fhírinneach, agus is é m'Athair a bhíos ag cóiriú na finiúna.

2. Gach craobh orm nach dtugann toradh, beireann sé as í, agus gach craobh dá dtugann toradh bíonn sé á diogáladh, ionas go dtabharfaidh sí tuilleadh toraidh uaithi.

3. Tá sibhse glanta cheana féin leis an mbriathar a labhair mé libh.

4. Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa.

5. Is mise an fhíniúin, is sibhse craobhacha na fíniúna. An té sin a chónaíos ionamsa, agus a mbímse i mo chónaí ann, is é is troime toradh, mar ní fhéadann sibh faic a dhéanamh i m'éagmais.

6. Má tá duine ann nach bhfanann ionam, caithfear amach é, mar a chaitear craobh amach agus mar a chríonann sí; agus bítear ag bailiú na gcraobhacha caite sin, agus á gcaitheamh isteach sa tine agus á ndó.

7. Má fhanann sibh ionamsa, agus má fhanann mo bhriathrasa ionaibh, bígí ag iarraidh bhur rogha ruda, agus déanfar an rud sin daoibh.

8. Is é seo a bhíos mar ábhar glóirithe ag m'Athair, toradh trom a theacht oraibh, rud a chruthós go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam.

9. Thug mé an grá daoibh a thug an tAthair domsa; fanaigí i mo ghrá-sa.

10. Fanfaidh sibh i mo ghrá-sa ach sibh m'aitheanta a choinneáil, mar a choinnímse aitheanta m'Athar agus mar a fhanaimse ina ghrá-san.

11. Tá na nithe seo inste agam daoibh, ionas go mbí sibh in bhur n‑ábhar lúcháire agam, agus ionas go mbí bhur lúcháir lán.

12. “Is í seo m'aithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh.

13. Níl grá ar bith ann ag fear ar bith is mó ná seo, an fear a thabharfadh a anam ar son a chairde.

14. Is sibhse mo chairde, má dhéanann sibh mar a ordaím daoibh.

15. Ni thugaim seirbhíseach oraibh níos mó, ó nach eol don seirbhíseach gníomh a thiarna; ach thug mé cairde oraibh, ó nach bhfuil ní dár chuala mé ag m'Athair nár fhoilsigh mé daoibhse.

16. Ní sibh a thogh mise, ach mise a thogh agus a cheap sibhse chun go n‑imeodh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh, agus go mbeadh bhur dtoradh buan; ar mhodh go dtuga an tAthair daoibh cibé a iarrfas sibh i m'ainmse.

17. Táim á ordú sin daoibh, chun go mbeidh grá agaibh dá chéile.

18. “Má bhíonn fuath ag an saol daoibh, bíodh a fhios agaibh go raibh tús fuatha aige domsa.

19. Dá mba den saol sibh, bheadh dámh ag an saol libh, ach as siocair nach den saol sibh, ach mo rogha a thogh mé as, bíonn fuath ag an saol daoibh.

20. Cuimhnigí ar an mbriathar úd a dúirt mé libh, ‘Ní fearr an seirbhíseach ná a thiarna.’ Má chuir siad géarleanúint ormsa, cuirfidh siad géarleanúint oraibhse; má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa freisin.

21. Ach déanfaidh siad é sin uile oraibh mar gheall ormsa, as siocair gan aithne a bheith acu ar an té a chuir uaidh mé.

22. Murab é gur tháinig mé agus gur labhair mé leo, ní bheadh peaca orthu; ach anois níl leithscéal a bpeaca acu.

23. An té a thugas fuath dom is do m'Athair a thugas sé fuath.

24. Murab é go ndearna mé oibreacha ina measc siúd nach raibh déanta ag duine ar bith eile, ní bheadh aon pheaca orthu; ach mar atá anois chonaic siad agus thug siad fuath don bheirt againn—mise agus m'Athair.

25. Ach tharla sin ag fíorú an rá atá scríofa ina ndlí-sean, ‘Thug siad fuath dom gan ábhar.’

26. Ach nuair a thiocfas an Comhairleoir, a bheas á chur agam chugaibh ó m'Athair, is é sin an Spiorad úd na fírinne, a bhíos ag gluaiseacht amach ón Athair, tabharfaidh seisean fianaise orm;

27. agus is finnéithe sibh fós, ó bhíodh sibh i mo chuideachta ó thús.