Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 7 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhí Íosa ag siúl na Galailí ina dhiaidh sin; ní raibh fonn air Iúdaea a shiúl, ó bhí muintir Iúdaea ag iarraidh a mharú.

2. San am sin ba ghairid uathu an fhéile sin na mboth a bhíodh ag na Giúdaigh.

3. Dúirt a dheartháireacha leis dá bhrí sin, “Fág seo agus tabhair Iúdaea ort féin, go bhfeice na deisceabail atá agat na hoibreacha atá á ndéanamh agat.

4. Mar ní bhíonn aon duine ag oibriú os íseal ar mhian leis aithne a bheith air os ard. Má tá seo á dhéanamh agat, taispeáin thú féin don saol.”

5. Mar níor chreid a dheartháireacha féin ann.

6. Is é a dúirt Íosa leo, “Níor tháinig m'uainse go fóill, ach bíonn sé i gcónaí ina uain agaibhse.

7. Ní fhéadann an saol fuath a thabhairt daoibhse, ach bíonn fuath aige domsa as an bhfianaise a thugaimse ar olcas a ghníomhartha.

8. Imígíse chun na féile; níl mise ag dul suas chun na féile seo, mar níor tháinig m'uain go hiomlán go fóill.”

9. I ndiaidh é sin a rá, d'fhan sé i nGalailí.

10. Ni lúide, nuair a bhí a dheartháireacha imithe chun na féile, chuaigh sé féin suas freisin, ach ní os ard ach mar a bheadh os íseal.

11. Bhí na Giúdaigh ag cur a thuairisce ar an bhféile, agus á rá,

12. “Cá bhfuil sé?” Bhí mórán cogarnaí faoi ag na daoine. Bhí cuid acu á rá, “Is dea-dhuine é,” agus dream eile ag dearbhú nárbh ea, ach go raibh sé ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa.

13. Ach níor lig an eagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh do dhuine ar bith a ainmniú os ard.

14. Nuair a bhí an chéad leath den fhéile caite chuaigh Íosa suas go dtí an teampall agus thosaigh sé ar theagasc.

15. Rinne na Giúdaigh iontas de agus dúirt siad, “Conas atá léann ag an bhfear seo nach ndearna foghlaim riamh?”

16. Thug Íosa freagra orthu mar sin, “Ní uaim féin mo theagasc, ach ón té a chuir uaidh mé;

17. más toil le haon duine a thoilsean a dhéanamh, beidh a fhios aigesean cé acu a thagas sé ó Dhia nó an bhfuil mé ag labhairt uaim féin.

18. An té a labhraíos uaidh féin bíonn sé ag iarraidh glóir a fháil dó féin; ach an té a bhíos ag iarraidh ghlóir an té a chuir uaidh é bíonn sé fírinneach agus níl bréag ar bith ann.

19. Nár thug Maois an dlí daoibh? Ach ní choinníonn duine agaibh an dlí. Cad chuige a bhfuil sibh ag iarraidh mé a mharú?”

20. D'fhreagair na daoine, “Tá deamhan i do chorp! Cé atá ag iarraidh tú a mharú?”

21. D'fhreagair Íosa iad, “Ní dhearna mé ach gníomh amháin, agus déanann sibh uile iontas de.

22. Thug Maois an timpeallghearradh daoibh (ní hé sin le rá gur ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha), agus is gnách libh fear a thimpeallghearradh ar an tsabóid.

23. Más ceadmhach d'fhear glacadh leis an timpeallghearradh ar an tsabóid, ionas nach sáraítear dlí Mhaois, an cóir daoibh fearg a bheith oraibh liom as corp fir a thabhairt chun sláinte go hiomlán lá na sabóide?

24. Ná tugaigí breithiúnas de réir na gcosúlachtaí, ach tugaigí breithiúnas de réir cirt.”

25. Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim mar sin, “Nach é sin an fear a mbíonn siad ag iarraidh a mharú?

26. Agus seo anseo é, agus é ag labhairt os ard, agus gan focal acu le rá leis! An féidir fios na fírinne a bheith ag ár lucht ceannais gurb é seo an Críost?

27. Ach tá a fhios againn cá has a dtagann an duine seo; agus nuair a nochtfaidh an Críost, ní bheidh a fhios ag aon duine cá has a dtiocfaidh sé.”

28. Dá bhrí sin chuaigh Íosa a dhearbhú os ard, nuair a bhí sé ag teagasc sa teampall, “Nach bhfuil aithne agaibh orm, agus nach bhfuil a fhios agaibh cá has a dtagaim? Ach ní uaim féin a tháinig mé; is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne ná eolas agaibh air.

29. Tá aithne agamsa air, mar is uaidh a tháinig mé, agus is é a chuir chugaibh mé.”

30. Tugadh iarraidh mar sin ar é a ghabháil, ach níor leagadh aon lámh air, ó nár tháinig a uain go fóill.

31. Ní lúide chreid mórán de na daoine ann; is é a dúirt siad, “Nuair a nochtann an Críost féin, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná an méid atá déanta aige seo?”

32. Chuala na Fairiséigh an slua á rá sin ina thaobh faoina bhfiacla, agus chuir na hardsagairt agus na Fairiséigh oifigigh uathu á ghabháil.

33. Dúirt Íosa ansin, “Tamall beag eile a chaithfeas mé agaibh agus rachaidh mé ansin go dtí an té a chuir chugaibh mé;

34. beidh sibh do m'iarraidh agus gan m'fháil; beidh mé san ionad nach féidir libh teacht orm.”

35. Dúirt na Giúdaigh lena chéile, “Cá háit a bhfuil sé ar intinn ag an duine seo a dhul nach mbeidh fáil againn air? An bhfuil sé ar intinn aige dul chuig na Giúdaigh atá scaipthe i measc na nGréagach agus na Gréagaigh a theagasc?

36. Cad é is ciall leis an gcaint sin aige, ‘Beidh sibh do m'iarraidh agus gan m'fháil,’ agus 'Beidh mé san ionad nach féidir libh teacht orm’?”

37. Lá deiridh na féile, an lá mór, sheas Íosa amach agus d'fhógair sé os ard, “An té a chreideas ionam, tagadh sé chugam agus óladh sé,

38. mar atá ráite sa scrioptúr, ‘Beidh aibhneacha d'fhíoruisce na beatha ag rith as a chroí.’”

39. Anois bhí an méid sin aige ag tagairt don Spiorad, a bheadh le fáil ag an dream a chreidfeadh ann; mar níor bronnadh an Spiorad go fóill, ó nár tugadh an ardghlóir d'Íosa go fóill.

40. Nuair a chuala siad na briathra sin, dúirt cuid de na daoine, “Níl amhras ná gurb é seo an fáidh.”

41. Dúirt dream eile, “Is é seo an Críost.” Ach dúirt a thuilleadh, “An as Galailí a thiocfas an Críost?

42. Nach bhfuil sé ráite sa scrioptúr gur de shliocht Dháibhí a bheas an Críost, agus go dtiocfaidh sé as Bétlehem, an baile beag a mbíodh Dáibhí ann?”

43. Bhí mar sin easaontas idir na daoine faoi.

44. Bhí cuid acu ag iarraidh a ghabháil, agus gan aon duine ag leagan lámh air.

45. D'fhill na hoifigigh ansin ar na hardsagairt agus ar na Fairiséigh, agus d'fhiafraigh siadsan díobh, “Cad chuige nár thug sibh libh é?”

46. Ba é a d'fhreagair na hoifigigh, “Ní raibh duine riamh ann a labhródh mar a labhraíos an fear seo!”

47. D'fhreagair na Fairiséigh iad, “An bhfuil cluain curtha aige oraibhse freisin?

48. Ar chreid aon duine de lucht an cheannais nó de na Fairiséigh ann?

49. Ach tá mallacht ar an slua seo, atá aineolach ar an dlí.”

50. Bhí Nicodémus ar dhuine acu, a chuaigh chuige roimhe sin, agus dúirt seisean leo,

51. “An ligeann an dlí is againne dúinn breithiúnas a thabhairt ar dhuine gan éisteacht a thabhairt dó agus eolas a fháil ar a bhfuil déanta aige?”

52. Ba é a bhfreagra, “An as Galailí duitse freisin? Scrúdaigh agus feicfidh tú nach bhfuil aon fháidh le teacht as Galailí choíche.”

53. Chuaigh an uile dhuine chun a thí féin,