Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhí fear ann anois a bhí breoite, Lasarus as Bétáin, baile beag a mbíodh Muire agus a deirfiúr Marta ann.

2. Ba í an Mhuire úd í, a d'ung an Tiarna le huinnimint agus a chuimil a chosa le gruaig a cinn, a raibh a deartháir Lasarus breoite.

3. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige, á rá, “A Thiarna, an té a bhfuil cion agat air, tá sé breoite.”

4. Ach nuair a chuala Íosa sin ar seisean, “Ní thabharfaidh an bhreoiteacht sin a bhás; is é rud, tabhar­faidh sé glóir do Dhia, ionas go móraítear Mac Dé dá barr.”

5. Anois bhí grá ag Íosa do Mharta agus dá deirfiúr agus do Lasarus.

6. Dá bhrí sin, nuair a chuala sé faoina bheith breoite, d'fhan sé dhá lá ní b'fhaide san áit a raibh sé.

7. Ina dhiaidh sin dúirt sé leis na deisceabail, “Bímis ag dul go hlúdaea arís.”

8. Dúirt na deisceabail leis, “A Rabbí, is gairid ó bhí na Giudaigh ag iarraidh bás a imirt ort le clocha, agus an bhfuil sé fút dul ann arís?”

9. D'fhreagair Íosa, “Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá, ní bhaintear tuisle as, ó feiceann sé solas an domhain seo.

10. Ach má shiúlann duine san oíche, baintear tuisle as, ó nach bhfuil aon solas ann.”

11. Dúirt sé an chaint sin, agus ansin dúirt sé leo, “Tá an codladh i ndiaidh teacht ar ár gcara, ar Lasarus, ach táimse ag dul lena dhúiseacht as a chodladh.”

12. Dúirt na deisceabail leis, “A Thiarna, má thit an codladh air, gheobhaidh sé biseach.”

13. Anois is ag tagairt dá bhás a bhí Íosa, ach shíl siadsan gur suaimhneas an tsuain a bhí ina cheann.

14. D'inis Íosa dóibh go soiléir ansin, “Is marbh atá Lasarus;

15. agus chomh fada agus a bhaineas libhse táim sásta nach raibh mé i láthair, ionas go gcreide sibh. Ach téimis chuige.”

16. Arsa Tomás, ar tugadh an leathdhuine cúpla air, lena chomhdheisceabail, “Téimisne freisin, le bás a fháil ina chuideachta.”

17. Anois, nuair a tháinig Íosa, fuair sé Lasarus agus é ceithre lá sa tuama cheana féin.

18. Bhi Bétáin cóngarach do Iarúsailéim, tuairim is dhá mhile uaidh,

19. agus bhí mórán de na Giúdaigh i ndiaidh teacht chuig Marta agus chuig Muire le sólás a chur iontu i dtaobh a ndearthár.

20. Nuair a chuala Marta go raibh Íosa ag teacht, chuaigh sí ina airicis, ach d'fhan Muire ina suí istigh sa teach.

21. Is é a dúirt Marta le hÍosa, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir bás, dá mbeifeá anseo.

22. Agus tá a fhios agam go dtabharfaidh Dia duit cibé a iarrfas tú ar Dhia anois féin.”

23. Dúirt Íosa léi, “Éireoidh do dheartháir arís.”

24. Arsa Marta leis, “Tá a fhios agam go n‑éireoidh sé ar an aiséirí lá deiridh an domhain.”

25. Arsa Íosa léi, “Is mise an t‑aiséirí agus is mise an bheatha; an té a chreideas ionam, cé go bhfaigheann sé bás, mairfidh sé,

26. agus cibé duine a mhaireas agus a chreideas ionamsa ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú sin?”

27. Ar sise leis, “Creidim sin, a Thiarna; creidim gur tú an Críost, Mac Dé, an té a thiocfas isteach sa domhan.”

28. Nuair a bhí sin ráite aici, chuaigh sí a ghlaoch ar a deirfiúr Muire, á rá léi i gcogar, “Tá an tOide anseo agus é ag glaoch ort.”

29. Nuair a chuala sí sin, d'éirigh sí go lúfar go ndeachaigh chuige.

30. Anois níor shroich Íosa chomh fada leis an mbaile beag go fóill, bhí sé san áit úd ar casadh Marta air.

31. Nuair a chonaic na Giúdaigh, a bhí léi sa teach, Muire ag éirí agus ag imeacht chomh lúfar sin, lean siad í, ag síleadh go raibh sí ag dul go dtí an tuama le bheith ag caoineadh ansin.

32. Nuair a tháinig Muire mar a raibh Íosa, agus nuair a chonaic sí é, thit sí ar a béal ag a chosa, agus dúirt si leis, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir an bás, dá mbeifeá anseo.”

33. Nuair a chonaic Íosa í ag caoineadh, agus na Giúdaigh a tháinig léi ag caoineadh freisin, bhí corraí mór agus coscairt faoina chroí;

34. agus d'fhiafraigh sé, “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis, “Tar, a Thiarna, go bhfeice tú.”

35. Chuaigh Íosa ag caoineadh.

36. Arsa na Giúdaigh ansin, “Féach cad é an grá a bhí aige dó!”

37. Ach is é a dúirt cuid acu, “An fear seo a d'oscail súile an daill, nár fhéad sé an fear seo a choinneáil ó bhás a fháil?”

38. Tháinig Íosa ansin go dtí an tuama, agus é faoi thocht mór arís; uaimh a bhí ann, agus bhí cloch mhór ina luí ar a béal.

39. Arsa Íosa, “Tógaigí uaithi an chloch.” Arsa Marta, deirfiúr an mharbháin, leis, “A Thiarna, beidh boladh bréan ann, mar tá sé ceithre lá marbh.”

40. Arsa Íosa léi, “Nár inis mé duit go bhfeicfeá glóir Dé ach creideamh a bheith agat?”

41. Thóg siad mar sin an chloch. Agus thóg Íosa a shúile agus dúirt sé, “A Athair, beirim buíochas leat go bhfuil éiste agat liom.

42. Bhi a fhios agam go mbíonn tú i gcónaí ag éisteacht liom, ach tá an méid sin ráite agam mar mhaithe leis na daoine atá ina seasamh thart anseo, ionas go gcreide siad gur tú a chuir uait mé.”

43. Nuair a bhí sin ráite aige, ghlaoigh sé in ard a chinn is a ghutha, “Chugam, a Lasarus.”

44. Tháinig an marbhán amach agus a lámha agus a chosa ceangailte i bhfáisceáin an mhairbh, agus éadach fillte faoina ghnúis. Dúirt Íosa leo, “Scaoiligí agus ligigí chun siúil é.”

45. Mar sin de, chreid mórán de na Giúdaigh ann, a tháinig i gcuideachta Mhuire agus a chonaic a ndearna sé;

46. ach chuaigh cuid acu chuig na Fairiséigh gur inis dóibh cad é a rinne Íosa.

47. Mar sin chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh an chomhairle le chéile, agus d'fhiafraigh siad, “Cad é is cóir dúinn a dhéanamh? Mar bíonn cuid mhór comharthaí á ndéanamh ag an bhfear seo.

48. Má ligimid dó leanúint air ar an gcuma seo, tiocfaidh na Rómhánaigh a scriosadh ár n‑ionad adhartha agus a chur deiridh lenár gcine.”

49. Ach arsa duine acu leo, Caiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd, “Níl aon tuiscint agaibh;

50. ní thuigeann sibh go bhfuil sé riachtanach agaibh go bhfaigheadh aon fhear amháin an bás ar son an chine, ionas nach gcaillfí an cine uile.”

51. Ní uaidh féin a dúirt sé an méid sin, ach ó bhí sé ina ardsagart an bhliain úd, rinne sé tairngreacht go bhfaigheadh Íosa bás ar son an chine,

52. agus ní ar son an chine amháin, ach ionas go n‑aontódh sé le chéile clann Dé atá scaipthe soir siar.

53. Mar sin ón lá sin amach bhíodh siad ag dul i gcomhairle conas a chuirfidís chun báis é.

54. Mar sin, ní shiúladh Íosa os ard i measc na nGiúdach níos faide, ach d'imigh sé as sin go dtí an ceantar a bhí in aice leis an bhfásach, go dtí cathair a raibh Efráím mar ainm uirthi, agus d'fhan sé ansin lena dheisceabail.

55. Anois níorbh fhada uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh mórán suas ón tír go hlarúsailéim roimh an gCáisc, le hiad féin a choisreacan.

56. Bhí súil amuigh acu le hÍosa agus iad á rá le chéile agus iad ina seasamh sa teampall, “Cad i do bharúil? An síleann tú nach dtiocfaidh sé chun na féile?”

57. Anois bhí sé ordaithe ag na hardsagairt agus ag na Fairiséigh do dhuine ar bith a raibh fhios aige cá raibh sé a insint dóibh, ionas go ndéanfaidís é a ghabháil.