Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois roimh Fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa gur tháinig an uair úd ina mbeadh air imeacht as an saol seo chun an Athar, agus ó bhí grá aige dá dhream féin a bhí sa saol, thug sé grá dóibh go deireadh.

2. In am an tsuipéir, nuair a bhí an diabhal cheana féin i ndiaidh é a chur isteach i gcroí Iúdáis Iscariót, mac Shíomóin, a bhrath a dhéanamh,

3. agus ó bhí a fhios ag Íosa gur thug an tAthair an uile ní ina lámha, agus gur tháinig sé ó Dhia agus go raibh air filleadh ar Dhia,

4. mar sin d'éirigh sé ón suipéar, bhain a bhaill éadaigh de, agus cheangail sé tuáille faoina chom.

5. Dhoirt sé uisce amach ansin i mbáisín, agus chuaigh sé a ní chosa na ndeisceabal, agus á gcuimilt leis an tuáille a bhí mar chrios aige.

6. Tháinig sé go dtí Síomón Peadar; agus d'fhiafraigh Peadar de, “A Thiarna, an tú a níos mo chosa?”

7. D'fhreagair Íosa é, “Ní thuigeann tú anois a bhfuil á dhéanamh agam, ach beidh tuiscint agat air amach anseo.”

8. Dúirt Peadar leis, “Ní ligfidh mé duit mo chosa a ní go deo.” D'fhreagair Íosa é, “Mura ním thú, ní bheidh baint ná páirt agat liom.”

9. Dúirt Síomón Peadar leis, “A Thiarna, ní hamháin mo chosa ach mo lámha agus mo cheann freisin!”

10. Dúirt Íosa leis, “An té a fuair folcadh níl feidhm air ach a chosa amháin a ní, ach tá sé glan ar fad; agus tá sibhse glan, ach níl sibh uile amhlaidh.”

11. Bhi a fhios aige cé a dhéanfadh a bhrath; agus sin an fáth a dúirt sé, “níl sibh uile glan.”

12. Nuair a bhí a gcosa nite aige, agus a bhaill éadaigh air, agus é ag ceann an bhoird arís, ar seisean leo, “An dtuigeann sibh a bhfuil déanta agam libh?

13. Bíonn sibh ag tabhairt Oide agus Tiarna orm; agus is maith mar a deir sibh é, mar is amhlaidh atáim ann.

14. Mar sin má tá bhur gcosa nite agamsa atá i mo Thiarna oraibh agus i m'Oide múinte agaibh, ba é bhur gceart bheith ag ní chosa a chéile.

15. Mar táim i ndiaidh dea-shampla a thabhairt daoibh, ionas go ndéanfadh sibhse mar a rinne mé libh.

16. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach fearr an seirbhíseach ná a mháistir; agus nach fearr an teachtaire ná an té a chuir uaidh é.

17. Má tá fios na nithe sin agaibh, is beannaithe sibh má chuireann sibh i ngníomh iad.

18. Ni bhaineann mo chaint leis an iomlán agaibh; tá a fhios agam cé hiad mo lucht tofa; tá sin amhlaidh leis an scrioptúr a fhíorú, ‘An té a d'itheadh m'arán thóg sé sáil a choise i m'éadan.’

19. Táim á insint sin daoibh sula dtarlaí sé, ionas go gcreide sibh, nuair a tharlós sé, gur mise é.

20. Is fíor atá agus is fíor mo rá, an té a ghlacas le duine ar bith dá gcuirfidh mé uaim, is liom a ghlacas sé; agus an té a ghlacas liom glacann sé leis an té a chuir uaidh mé.”

21. Nuair a bhí na briathra sin ráite ag Íosa, tháinig buairt anama air, agus thug sé fianaise uaidh, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, déanfaidh duine agaibh mo bhrath.”

22. D'amharc na deisceabail ar a chéile, agus iad in amhras faoi cé hé sin a raibh sé ag caint air.

23. Bhí duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó, ina luí ansin in ucht Íosa;

24. mar sin rinne Síomón Peadar comhartha dó agus dúirt sé leis, “Inis dúinn cé hé sin atá á lua aige.”

25. Mar sin dúirt seisean, agus é ina luí in ucht Íosa, “A Thiarna, cé hé féin?”

26. D'fhreagair Íosa, “Is é an té a dtabharfaidh mé an mhilseog seo dó nuair a bheas sí tumtha agam.” Mar sin nuair a bhí an mhilseog tumtha aige, thug sé d'Iúdás mac Shíomóin Iscariót é.

27. Ansin i ndiaidh é an mhilseog a ithe, chuaigh Sátan isteach ann. Arsa Íosa leis, “Déan a bhfuil le déanamh agat go tapaidh.”

28. Anois ní raibh fhios ag duine dá raibh ina suí ag an mbord leis cad chuige dó é sin a rá leis.

29. Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht.

30. Mar sin, i ndiaidh an mhilseog a ghlacadh chuaigh sé amach gan mhoill; agus bhí sé ina oíche.

31. Nuair a bhí seisean imithe, is é a dúirt Íosa, “Is anois a ghlóirítear Mac an duine, agus a ghlóirítear Dia trídsean;

32. má ghlóirítear Dia trídsean, glóireoidh Dia é ann féin freisin, agus déanfaidh sé a ghlóiriú gan a thuilleadh moille.

33. A leanaí beaga dílse, tá tamall beag eile agam libh. Beidh sibh do mo chuardach; agus deirim libh anois an rud a dúirt mé leis na Giúdaigh, ‘Táim ag imeacht go háit nach féidir libh teacht orm.’

34. Táimse ag tabhairt aithne úrnua daoibh, sibh grá a thabhairt dá chéile; grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mise daoibh.

35. Is air sin a aithneoidh na daoine uile go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam, má tá an grá sin agaibh dá chéile.”

36. D'fhiafraigh Síomón Peadar de, “A Thiarna, cá bhfuil do thriall?” D'fhreagair Íosa, “Ní fhéadann tú mé a leanúint anois go dtí an áit a bhfuil mé ag imeacht; ach leanfaidh tú amach anseo mé.”

37. Arsa Peadar leis, “A Thiarna, cad chuige nach féidir liom tú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.”

38. D'fhreagair Íosa, “An dtabharfaidh tú d'anam ar mo shon? Is fíor agus is fíreannach a deirim leat, ní ghlaofaidh an coileach, go dtí go séanfaidh tú mé faoi thrí.