Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a bhí na focail sin ráite ag Íosa, thóg sé a shúile i dtreo neimhe agus dúirt sé, “A Athair, tháinig an uair; glóirigh an Mac ionas go nglóirí an Mac thú,

2. ó tá cumhacht tugtha agat dó os cionn a bhfuil i gcolainn dhaonna, leis an mbeatha shíoraí a bhronnadh ar an dream a bhronn tú air.

3. Agus is í seo is beatha shíoraí ann, aithne a bheith acu ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost atá curtha uait agat.

4. Tá tú glóirithe agam ar talamh, ó tá an obair, a thug tú dom le déanamh, críochnaithe agam;

5. agus anois, a Athair, glóirigh mé i do láthair féin leis an nglóir a bhíodh agam i do láthair sula ndearnadh an domhan.

6. “Tá d'ainm nochta agam do na fir a thug tú dom as an domhan; ba leat iad, agus thug tú dom iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.

7. Tá fhios acu anois gur uait ar thug tú dom;

8. mar thug mé dóibh uaim na briathra a thug tusa dom, agus ghlac siad leo agus d'aithin siad i bhfirinne gur uait a tháinig mé, agus chreid siad gur chuir tú uait mé.

9. Táim ag iarraidh achainí ar a sonsan; ní ar son an domhain atáim ag iarraidh na hachainí ach ar son an dreama seo a thug tú dom, ós leat iad;

10. is leat a bhfuil agam, agus is liom a bhfuil agat, agus is iad is ábhar glóirithe dom.

11. Agus anois ní den saol seo mé, ach tá siadsan ar an saol, agus mise ar mo shlí chugatsa. A Athair Naofa, coinnigh iad san ainm sin agat a thug tú domsa, ionas go mbeidh siadsan aontaithe, ar an nós céanna agus atáimidne aontaithe.

12. Nuair a bhí mé leo, choinnigh mé iad san ainm sin agat a thug tú domsa; bhí mé i mo sciath chosanta acu, agus níor cailleadh aon duine acu ach an mac mallachta, ionas go bhfíorófaí an scrioptúr.

13. Ach anois táim ag teacht chugat; agus táim ag rá na cainte seo sa domhan, ionas go mbí mo lúcháirse á chomhlíonadh iontu féin.

14. Thug mé do bhriathar dóibh; agus thug an saol fuath dóibh ó nach den saol iad, mar nach den saol mise.

15. Nil mé ag achainí ort a dtógáil as an saol, ach a gcoinneáil saor ón drochsprid.

16. Ni den saol iad, mar nach den saol mé féin.

17. Naomhaigh leis an bhfírinne iad; is é do bhriatharsa an fhírinne.

18. De réir mar a chuir tú mise isteach sa domhan, is amhlaidh a chuir mise amach sa domhan iad.

19. Agus mar mhaithe leo bím do mo naomhú féin, ionas go naomhaítear iad freisin leis an bhfírinne.

20. “Níl mé ag guí ar son an dreama seo amháin, ach ar son an dreama sin freisin a chreideas ionam trína mbriathar siúd,

21. go mbí siad uile aontaithe le chéile; mar a bhíos tusa, a Athair, ionam, agus mise ionat, gur mar sin a bheas siad ionainne, ionas go gcreide an domhan gur chuir tú uait mé.

22. Tá an ghlóir tugtha agam dóibh a thug tú dom, ionas go mbí siad aontaithe mar atáimidne aontaithe,

23. mise iontu agus tusa ionam, ionas go mbí siad ina n‑aon, ionas go n‑aithní an saol gur chuir tú chucu mé agus gur ghráigh tú iad mar a ghráigh tú mise.

24. A Athair, ba mhian liom ar thug tú dom a bheith liom freisin mar a bhfuilim, leis an nglóir a fheiceáil a thug tú dom le grá dom a bhí agat dom roimh bhunú an domhain.

25. A Athair cheartbhreithigh, níor aithin an saol thú, ach d'aithin mise thú; agus d'aithin siad seo gur tú a chuir uait mé.

26. Tá agus beidh d'ainm á chur in aithne dóibh, ionas go mbí an grá lenar ghráigh tú mé iontu, agus go mbí mé féin iontu.”