Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois ar an gcéad lá den tseachtain tháinig Muire Mhaghdaléanach go dtí an tuama go moch ar maidin, nuair a bhí sé dorcha go fóill, agus chonaic sí go raibh an chloch tógtha ón tuama.

2. Chuaigh sí mar sin ina rith chuig Síomón Peadar agus chuig an deisceabal eile ab ansa le hÍosa, agus ar sise leo, “Tá an Tiarna tógtha acu as an tuama, agus níl a fhios againn cár leag siad é.”

3. D'imigh Peadar ansin agus an deisceabal eile leis, agus tháinig siad go dtí an tuama.

4. Bhí an bheirt acu ina rith, ach ba ghaiste an deisceabal eile ná Peadar sa siúl agus ba é a shroich an tuama ar dtús;

5. agus chrom sé síos ag amharc isteach agus chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí ansin, ach ní dheachaigh sé isteach.

6. Tháinig Síomón Peadar ansin go dlúth ina dhiaidh, agus chuaigh seisean isteach sa tuama; chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí,

7. agus an t‑éadach a bhí ar a cheann, agus é fillte air féin in áit ar leith, gan é a bheith ina luí leis na fáiscéain línéadaigh.

8. Ba ina dhiaidh sin a chuaigh an deisceabal eile isteach, a shroich an tuama ar dtús, agus chonaic sé agus chreid sé,

9. mar ní raibh fhios acu go fóill faoin scrioptúr, a dúirt go gcaithfeadh sé éirí ó mhairbh.

10. D'imigh na deisceabail ansin ar ais abhaile.

11. Ach is é rud, d'fhan Muire ina seasamh taobh amuigh den tuama agus i ag sileadh deor, agus nuair a bhí sí á sileadh chrom sí síos le hamharc isteach sa tuama;

12. agus chonaic sí dhá aingeal in éadach geal a bhí ina suí san áit sin a raibh corp Íosa ina luí, aingeal amháin san áit a mbíodh a cheann agus aingeal eile san áit a mbíodh a chosa.

13. Ar siadsan léi ansin, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” Ar sise leo, “Ar an tsiocair go bhfuil mo Thiarna tógtha ar shiúl acu, agus nach bhfuil a fhios agam cár leag siad é.”

14. Nuair a bhí sin ráite aici, thiontaigh sí thart, agus chonaic sí Íosa agus é ina sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa a bhí aici.

15. Arsa Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé sin atá uait?” Shil sise gurbh é an garraíodóir é, agus dúirt sí leis, “A fhir chóir, más tú a thóg ar shiúl as seo é, inis dom cár leag tú é agus ardóidh mise liom é.”

16. Arsa Íosa léi, “A Mhuire.” Thiontaigh sise thart agus dúirt sí in Eabhrais, “Rabóní!” (a chiallaíos Oide).

17. Arsa Íosa léi, “Ná bí ag breith greama orm, mar táim go fóill gan dul suas chuig an Athair; ach imigh leat chuig mo bhráithre agus abair leo go bhfuilim ag dul suas chuig m'Athair agus chuig bhur nAthairse, chuig mo Dhia-sa agus chuig bhur nDia-sa.”

18. D'imigh Muire Mhaghdaléanach agus dúirt sí leis na deisceabail, “Chonaic mé an Tiarna”; agus d'inis sí dóibh a ndúirt sé léi.

19. Tráthnóna an lae sin, an chéad lá den tseachtain, nuair a bhí na doirse druidte ar an áit a raibh na deisceabail ann, le heagla roimh na Giúdaigh, tháinig Íosa chucu agus sheas sé ina measc, agus dúirt sé leo, “Go raibh an tsíocháin agaibh.”

20. Nuair a bhí an focal sin ráite, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a thaobh. Bhí lúcháir ar na deisceabail ansin faoin Tiarna a fheiceáil.

21. Labhair Íosa leo arís agus dúirt sé, “Go raibh an tsíocháin agaibh. Cuirim uaim sibh mar a chuir an tAthair uaidh mé.”

22. Nuair a bhí na briathra sin ráite aige, shéid sé a anáil fúthu agus dúirt sé, “Gabhaigí an Spiorad Naomh chugaibh.

23. Má mhaitheann sibh a pheacaí d'aon duine, tá siad maite dó; má fhágann sibh air iad, tá a pheacaí air.”

24. Anois ní raibh Tomás leo nuair a tháinig Íosa—an duine den dáréag ar tugadh Didumas, nó leathdhuine cúpla, air.

25. D'inis na deisceabail eile dó, “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach is é a dúirt sé leo, “Mura bhfeicim rian na dtairní ina lámha, agus mura gcuirim mo mhéar isteach san áit a ndeachaigh na tairní, agus mura gcuirim mo lámh isteach ina thaobh, ní chreidfidh mé.”

26. Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail sa teach sin, agus Tomás leo. Bhí na doirse druidte orthu, ach tháinig Íosa gur sheas ina measc agus go ndúirt, “Go raibh an tsíocháin agaibh.”

27. Dúirt sé ansin le Tomás, “Sin amach do mhéar, agus seo duit mo lámha; agus cuir amach do lámh go sá tú isteach i mo thaobh í; ná bí díchreidmheach, ach i do chreidmheach.”

28. D'fhreagair Tomás é, “Is tú mo Thiarna agus mo Dhia!”

29. Dúirt Íosa leis, “An gcreideann tú nuair atá mé feicthe agat? Is beannaithe a chreideas agus nach bhfaca.”

30. Is iomaí sin comhartha a rinne Íosa i láthair na ndeisceabal, nach bhfuil scríofa sa leabhar seo;

31. ach tá an méid sin scríofa ionas go gcreide sibh gurb é an Críost, Mac Dé, é Íosa, agus ionas go mbí beatha agaibh ina ainmsean trí bhur gcreideamh.