Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Tiomna Nua

Eoin 18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Dúirt Íosa an chaint sin, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail anonn thar ghleann abhainn an Chedrón, go háit a raibh gairdín, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail isteach sa ghairdín sin.

2. Bhi Iúdás, a rinne a bhrath, eolach ar an áit freisin; ós minic a thagadh Íosa agus a dheisceabail le chéile ansin.

3. Ghlac Iúdás mar sin complacht saighdiúirí agus oifigigh ó na hardsagairt agus ó na Fairiséigh, agus chuaigh siad ann faoi lóchrainn agus faoi thóirsí agus faoi airm.

4. Ó bhí a fhios ag Íosa a dtarlódh dó, tháinig sé chun tosaigh gur fhiafraigh díobh, “Cé tá uaibh?”

5. “Íosa as Nasair,” a dúirt siad á fhreagairt. “Is mise é,” a deir sé leo. Bhí Iúdás, a bhraith é, ina sheasamh ansin ina measc.

6. Nuair a dúirt sé, “Is mise é,” chuaigh siad ar gcúl agus thit siad ar lár.

7. D'fhiafraigh sé díobh athuair, “Cé tá uaibh?” agus dúirt siad, “Íosa as Nasair.”

8. D'fhreagair Íosa, “Tá inste agam daoibh gur mise é; mar sin, ós mé atá uaibh, ligigí do na fir seo imeacht.”

9. Tharla sin leis an mbriathar a fhíorú a dúirt sé, “Níor chaill mé aon duine den mhéid a thug tú dom.”

10. Ba ansin a tharraing Síomón Peadar an claíomh a bhí aige as a thruaill agus tharraing sé buille ar mhogha an ardsagairt agus ghearr sé an leath-cluas dheas anuas dá leiceann. Malcus ab ainm don mhogha.

11. Arsa Íosa le Peadar, “Cuir do chlaíomh isteach ina thruaill; an é nach n‑ólfaidh mé an cupán a thug m'Athair dom le n‑ól?”

12. Tháinig siad mar sin, an complacht saighdiúirí agus a gceannfort agus oifigigh na nGiúdach, ar Íosa, agus ghabh siad é agus cheangail siad é.

13. Thug siad os comhair Annas é ar dtús; ó ba é ab athair céile do Chaiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd.

14. Ba é an Caiafas seo a thug an chomhairle do na Giúdaigh go raibh sé riachtanach go bhfaigheadh aon fhear amháin bás ar son an phobail.

15. Lean Síomón Peadar Íosa, eisean agus deisceabal amháin eile. Ó bhí an deisceabal seo ar lucht aitheantais an ardsagairt, chuaigh sé maraon le hÍosa isteach i gcúirt an ardsagairt,

16. fad agus bhí Peadar ag fanacht taobh amuigh den doras. Mar sin chuaigh an deisceabal, a raibh aithne ag an ardsagart air, amach gur chuir sé cogar i gcluais an chailin a bhí ina doirseoir, agus gur thug sé Peadar isteach.

17. Is é a dúirt an cailín a bhí ina doirseoir le Peadar, “Nach duine de dheisceabail an fhir seo tú freisin?” “Ní hea,” ar seisean.

18. Anois bhí na seirbhísigh agus na hoifigigh tar éis tine fhioghuail a dhéanamh, ó bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh ansin á ngoradh féin; bhí Peadar ina sheasamh leo agus é á ghoradh féin.

19. Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc.

20. Ba é freagra Íosa air, “Labhair mé os ard os comhair an tsaoil; bhinn i gcónaí ag teagasc sna sionagóga agus sa teampall, ina dtagann na Giúdaigh uile le chéile; níor labhair mé aon fhocal i modh rúin.

21. Cad chuige duit a fhiafraí díom? Fiafraigh den lucht éisteachta cad é a dúirt mé leo; tá a fhios acu siúd cad é a dúirt mé.”

22. Nuair a dúirt sé sin, tharraing duine de na hoifigigh a bhí ina sheasamh ansin buille boise ar leiceann Íosa, agus dúirt sé, “An mar sin a fhreagraíos tú an t‑ardsagart?”

23. D'fhreagair Íosa, “Má labhair mé go holc, tabhair fianaise faoin olc; ach má labhair mé go maith, cad chuige duit bheith ag bualadh buille orm?”

24. Chuir Annas ansin é chuig Caiafas an t‑ardsagart.

25. Anois bhí Síomón Peadar ina sheasamh á ghoradh féin. Fiafraíodh de, “Nach duine dá dheisceabailsean tusa freisin?” Shéan sé é agus dúirt sé, “Ní hea.”

26. Arsa duine de sheirbhísigh an ardsagairt, a bhí ina dhuine muinteartha don duine ar ghearr Peadar an leathchluas de, le Peadar, “Nach bhfaca mé féin thú sa ghairdín ina chuideachta?”

27. Shéan Peadar é athuair; agus ní raibh an focal as a bhéal gur ghlaoigh an coileach.

28. Ba ansin a tugadh Íosa ó theach Chaiafas go dtí an Praetorium. Bhí sé ar mhoch maidine. Ní dheachaigh siad isteach sa Phraetorium iad féin, ionas nach salófaí iad, agus go n‑íosfaidís an cháisc.

29. Chuaigh Píoláid mar sin amach chucu, gur fhiafraigh díobh, “Cad í an choir a chuireas sibh i leith an duine seo?”

30. Ba é a bhfreagrasan air, “Mura raibh an duine seo coireach, ní bheimis á chur idir do lámha.”

31. Arsa Píoláid leo, “Glacaigí féin é agus tugaigí breithiúnas air de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis, “Níl sé dlisteanach againne aon duine a chur chun báis.”

32. Tharla sin leis an mbriathar a dúirt Íosa faoi mhodh a bháis a fhíorú.

33. Chuaigh Píoláid isteach sa Phraetorium athuair agus ghlaoigh sé ar Íosa, agus dúirt sé leis, “An tú Rí na nGiúdach?”

34. Is é a d'fhreagair Íosa, “An uait féin a deir tú sin; nó an raibh daoine eile á rá leat fúm?”

35. D'fhreagair Píoláid, “An Giúdach mise? Is iad do chine féin agus na hardsagairt a chuir idir mo lámha thú; cad é a rinne tú?”

36. D'fhreagair Íosa, “Ní aon riocht den domhan seo mo ríochtsa; dá mba rí ar riocht shaolta mé, dhéanfadh mo lucht leanúna troid, ionas nach gcuirtí mé i lámha na nGiúdach; ach ní den domhan seo an ríocht atá agam.”

37. Arsa Píoláid leis, “Is rí tú mar sin?” D'fhreagair Íosa, “Is é do bhéal féin a deir gur rí mé. Is lena aghaidh seo a bhí mo bhreith agus mo theacht ar an saol, le mé fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach duine a bhfuil an fhírinne aige, éisteann sé le mo ghlór.”

38. Arsa Píoláid leis, “Cad is fírinne ann?”Nuair a bhí sin ráite aige chuaigh sé amach chuig na Giúdaigh athuair, agus dúirt sé leo, “Feictear dom é a bheith neamhchiontach.

39. Ach tá nós agaibhse go scaoilfinn fear amháin saor chugaibh le linn na Cásca; an toil libh mé Rí na nGiúdach a scaoileadh saor chugaibh?

40. Ach ghlaoigh siad arís in ard a gcinn, “Ná scaoil an duine sin, scaoil Barabas.” Anois ba thóraí é Barabas.