Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Leabhar an tSóláis agus Breiseanna

Geallúint do Ríocht an Tuaiscirt

1. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna.

2. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad.

3. Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”

4. Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá):

5. “Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe,guth eagla, agus ní guth síochána é.

6. Fiafraígí anois, meabhraígí:an mbíonn fir ag breith clainne?Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sinagus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona?Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?

7. Go deimhin is mór an lá é seo,ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis;is í uair bhuartha Iacóib í;ach sábhálfar aisti é.

8. “Ar an lá sin - Tiarna na Slua a labhraíonn - brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha.

9. Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.

10. Mar sin, ná bíodh eagla ort,a shearbhónta liom, a Iacóib,- an Tiarna a labhraíonn -Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael:féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin,agus do shliocht as tír a ndaoirse.Beidh Iacób arís i suaimhneasagus mairfidh go sóúil;ní chuirfidh aon duine eagla air.

11. Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil.Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uilemar ar scaip mé thú;ní chuirfidh mé críochnú ortsa,ach smachtóidh mé thú go measartha,le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.

12. Sea, is mar seo a deir an Tiarna:Tá do chneá doleigheasta,tá do lot gan cneasú.

13. Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí,níl luibh ná leigheas i ndán duit.

14. Rinne d'aos grá uile dearmad díot,ní iarrann siad níos mó thú.Sea, bhuail mé le buille namhad thú,buille neamhthrócaireach(mar gheall ar mhéid do chiontachtaagus ar iomadúlacht do pheacaí).

15. Cad chuige a n‑éagaoineann tú d'ainnise?Tá do phian doleigheasta.Rinne mé na nithe sin uile leat,mar gheall ar mhéid do chiontachta,agus ar iomadúlacht do pheacaí.

16. Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin,rachaidh lucht d'ansmachta uile i ndaoirse,creachfar lucht do chreachta,agus gach aon dár airg thusa,tabharfaidh mise mar argain iad.

17. Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat,agus leigeasfaidh mé do chréachtaí- an Tiarna a labhraíonn.Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot,‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’

18. Seo mar a deir an Tiarna:Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna,agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe;tógfar an chathair arís ar a carn féin,atógfar an daingean ar a láithreán.

19. Tiocfaidh astu amach buíochasagus glórtha daoine a dhéanann lúcháir.Déanfaidh mé líonmhar iad,agus ní bheidh laghdú orthu;déanfaidh mé glórmhar iad,agus ní bheidh siad faoi dhímheas.

20. Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód,beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair,agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu.

21. Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu,as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir.Ligfidh mise dó teacht i mo láthairagus féadfaidh sé teacht i ngar dom;go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirtagus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.

22. Agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa,agus beidh mise i mo Dhia agaibhse.”

23. Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe,briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;

24. ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcríchagus go gcomhlíona comhairle a chroí.Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht.