Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ceannaíonn Irimia Garraí

1. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna sa deichiú bliain de Zidicíá rí Iúdá, arbh í an t‑ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar í.

2. San am sin bhí Iarúsailéim faoi léigear ag arm rí na Bablóine, agus cuireadh Irimia fáidh faoi ghlas i gCúirt an Gharda a bhí i bpálás rí Iúdá,

3. óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. “Cad chuige duit,” ar sé, “ag tairngreacht mar seo, á rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í,

4. agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis.

5. Tógfaidh sé Zidicíá don Bhablóin agus fanfaidh sé ansin (go dtaga mise ar cuairt chuige - an Tiarna a labhraíonn. Má tá go dtroidfidh sibh leis na Caildéigh ní bhéarfaidh sibh bua!)’?”

6. Dúirt Irimia: “Tháinig briathar an Tiarna chugamsa á rá:

7. Féach, tiocfaidh Hanamael mac Shealúm deartháir d'athar chugat agus déarfaidh: Ceannaigh duit féin mo gharraí in Anatót, óir is leat ceart a fhuascailte ar phraghas.

8. Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.

9. Mar sin cheannaigh mé an garraí ó mo chol ceathrar Hanamael as Anatót agus d'íoc leis an luach, seacht seicil déag airgid.

10. Scríobh mé amach an cuntas agus shéalaigh é, ghlaoigh mé ar fhinnéithe agus thomhais an t‑airgead sa mheá.

11. Ansin ghlac mé scríbhinn an cheannaithe agus é séalaithe de réir an dlí mar aon lena cóip oscailte,

12. agus thug mé scríbhinn an cheannaithe do Bharúch mac Néiria, mac Mhásaeiá, i radharc Hanamael, mo chol ceathrar, i radharc na bhfinnéithe a shínigh an scríbhinn cheannaithe agus na nGiúdach uile a tharla a bheith i gCúirt an Gharda san am.

13. Ina láthair siúd thug mé na treoracha seo a leanas do Bharúch:

14. ‘Tóg na scríbhinní seo, an scríbhinn cheannaithe atá séalaithe mar aon lena cóip oscailte, agus cuir i soitheach cré iad, ionas go maire siad seal fada.”

15. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ceannóidh daoine garraithe agus fíniúna arís sa tír seo.’

16. “Tar éis dom an scríbhinn cheannaithe a thabhairt do Bharúch mac Néiria ghuigh mé an Tiarna mar seo:

17. ‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.

18. Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!

19. Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!

20. Rinne tú comharthaí agus iontais i dtír na hÉigipte agus mar an gcéanna inniu in Iosrael agus i measc an chine dhaonna. Rinne tú an t‑ainm duit féin atá agat inniu.

21. Thug tú amach do phobal as crích na hÉigipte le comharthaí agus le hiontais, le láimh láidir agus le géag sínte amach agus le huafás mór.

22. Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda.

23. Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.

24. Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é.

25. Ach dúirt tú féin liomsa, a Thiarna Dia: Ceannaigh an garraí ar airgead i láthair finnéithe; agus anois féin tá an chathair á tabhairt i láimh na gCaildéach.’

26. Ansin tháinig briathar an Tiarna [chugamsa]:

27. ‘Féach, is mise an Tiarna, Dia an uile dhuine: an bhfuil ní ar bith dodhéanta dom?’

28. “Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Táim ag tabhairt na cathrach seo anois i láimh na gCaildéach, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus tógfaidh seisean í.

29. Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.

30. Óir is olc amháin a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá i m'fhianaise óna n‑óige (óir bhrostaigh clann Iosrael go deimhin mé chun feirge lena ngníomhartha - is é an Tiarna a labhraíonn).

31. Sea, tá an chathair seo chomh mór sin ina brostú feirge agus fraoch domsa ón lá ar tógadh í go dtí inniu, go mbainfidh mé as mo radharc í,

32. mar gheall ar na hoilc uile a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá do mo bhrostúsa, iad féin, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt agus a bhfáithe, fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim.

33. D'iompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n‑aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht.

34. Sheas siad a n‑íola sa Teampall a ghairthear i m'ainmse, á thruailliú.

35. Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’

36. “Ach anois, agus ar an ábhar céanna sin, is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na cathrach seo faoina n‑abrann tusa go dtabharfaidh an claíomh, an gorta, agus an phlá i láimh rí na Bablóine í:

37. Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m'fhearg, i m'fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte.

38. Ansin beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan.

39. Tabharfaidh mé malairt chroí dóibh agus malairt iompair, le go mbeidh mo eaglasa orthu go brách, ar mhaithe leo féin agus lena gclann ina ndiaidh.

40. Déanfaidh mé conradh síoraí leo; ní éireoidh mé as déanamh maitheasa dóibh, agus cuirfidh mé m'urraim ina gcroí, ionas nach ndealóidh siad arís uaim.

41. Gairdeoidh mé mar gheall ar mhaitheas a dhéanamh dóibh, agus plandóidh mé le barr dílse iad sa dúiche seo, le mo chroí agus le m'anam go hiomlán.’

42. Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Faoi mar a thug mé an t‑olc mór seo ar an bpobal seo, is mar sin a tabharfaidh mé orthu an uile mhaith dá ngeallaim dóibh.

43. Ceannófar tailte fós sa tír seo faoina n‑abrann tusa: Is talamh bánaithe í gan duine ná beithíoch; tugadh i láimh na gCaildéach í.

44. Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”