Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Treascairt Iarúsailéim

1. Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.

2. San aonú bliain déag de réimeas Zidicíá, sa cheathrú mí, rinneadh bearna i múr na cathrach.

3. [Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t‑ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine.

4. Nuair a chonaic Zidicíá rí Iúdá é sin theith sé féin agus na fir chogaidh uile as an gcathair de shiúl oíche, ag gabháil bealach ghairdín an rí tríd an ngeata idir an dá bhalla, agus [ag tabhairt aghaidh] ar an Arabá.

5. Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.

6. Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis.

7. Ansin bhain sé na súile as Zidicíá, cheangail le slabhra é á bhreith don Bhablóin.

8. Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.

9. Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.

10. D'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.

11. Bhí an t‑ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia:

12. “Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.”

13. Mar sin chuir (Nabúzaradán, ceann an gharda) Nabúiseazbán, an t‑ardfheidmheannach, Naergal Searaizir, an príomhoifigeach agus oifigigh uile rí na Bablóine díorma uathu,

14. agus chuir siad fir chun Irimia a thabhairt as Cúirt an Gharda agus [thug cead a chos dó]. Mar sin chónaigh sé i measc an phobail.

15. Nuair a bhí sé i gCúirt an Gharda tháinig briathar an Tiarna go Irimia:

16. “Éirigh agus abair le hEibid Meilic an tAetóipeach: ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Féach, tugaim donas agus ní sonas ar an gcathair seo faoi mar a dúirt mé. An lá sin a thiocfaidh sé i gcríoch i d'fhianaise,

17. saorfaidh mé thusa an lá sin - is é an Tiarna a labhraíonn - agus ní thabharfar thú i láimh na bhfear a bhfuil eagla ort rompu.

18. Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d'anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa - an Tiarna a labhraíonn.’ ”