Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Tuilleadh faoin Ionradh

1. Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár IarúsailéimSéidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim!Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart,díobháil mhór.

2. An gcuirfimid iníon Shíón i gcomparáidle féarach cumhra?

3. Tagann aoirí lena dtréada ina coinne.Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi.Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach.

4. “Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm!Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil,”“rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn,tá néalta nóna ag síneadh.”

5. “Faoi airm! Déanfaimid ionsaí faoi oícheagus scriosfaimid a páláis.”

6. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Gearraigí síos na crainn,tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim;is í Cathair na mBréag í,gan inti ina lár ach leatrom.

7. Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr,coinníonn sise a mailís úr.Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti;i mo fhianaise i gcónaíbíonn galair agus cneácha.

8. Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim,ar eagla go n‑iompóinn uait,agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.

9. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Deasc fuíoll Iosrael,deasc é mar a dhéanfá le fíniúin;mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor,cuir do lámh arís sna craobhacha.”

10. Cé leis a labhróidh mise,cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad?Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta,ní fhéadann siad éisteacht.Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna,níl dúil acu ann.

11. Tá mé lán d'fhearg an Tiarnatáim tuirseach de bheith á coinneáil istigh.“Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid,agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht.Tógfar uile iad: an fear agus an bhean,an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.

12. Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe,a bhfearann agus a mná in éineacht.Sínfidh mise amach mo lámhar dhúchasaigh na tíre seo- an Tiarna a labhraíonn.

13. Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic,ón té is lú go dtí an té is mó;an sagart agus an fáidh araon,déanann siad uile bearta bréagacha.

14. Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail,á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’,ach níl aon síocháin ann.

15. Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna.Beag an baol! Níl ciall do náire acu,ní mó is féidir leo lasadh.Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile,titfidh siadsan freisin;teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu- a deir an Tiarna.”

16. Is mar seo a deir an Tiarna:“Seasaigí i mbealaí an tseansaoilcuirigí tuairisc na seanchasáncé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansinagus gheobhaidh sibh suaimhneas.Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’

17. Chuir mé fir faire ar mhaithe leo:éistigí le glor an stoic!Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’

18. Cluinigí mar sin, a chiníocha,bíodh a fhios agaibh, a oireachtais,céard tá i ndán dóibh.

19. Éist, a thalaimh,táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo:de bhrí nár éist siad le mo bhriathra,agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.

20. Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá,nó giolcóg chumhra ón imigéin?Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe,ní milis liom bhur n‑íobairtí.

21. Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna:‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seole go dtitfidh siad orthu;an t‑athair agus an mac in éineacht,an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”

22. Is mar seo a deir an Tiarna:“Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh,ó chríocha imigéiniúla na talúngluaiseann náisiún mór;

23. tá bogha agus gath i ngreim acu,tá siad cruálach, míthrócaireach;is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige;tá siad ag marcaíocht ar eachra,tá gach fear acu in eagar cathai d'aghaidhse, a iníon Shíón.

24. Chualamar an scéala;titeann ár lámha go faonlag,rug doigh greim orainn,pian mar a bheadh ag bean le híona.

25. Ná himígí amach faoin tuath,ná siúlaigí ar na bóithre,óir tá claíomh an namhad ann,agus scanradh ar gach aon taobh.

26. Crioslaigh thú féin i sacéadach,ó a iníon mo dhaoine,únfairtigh thú féin i luaithreach,déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic,caoineadh róghéar.Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.

27. Cheap mé thú i do mheisiúnóir ar mo phobal,le go mbeadh a fhios agat agus go meisiúnófá a n‑iompar.

28. Is tréigtheoirí ceanndána iad uile,ag siúl rompu le lucht tromaíochta.

29. Séideann na boilg go fíochmhargo ndéana an tine an luaidhe a dhó.Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar,ní ghlantar an conamar as.

30. Airgead diúltaithe a thugtar orthu,agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!”