Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Teideal

1. Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.

2. Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.

3. Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.

Fáistiní in Aghaidh Iúdá agus Iarúsailéim

Glao Irimia

4. Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:

5. “Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;sular rugadh thú choisric mé thú;d'ordaigh mé thú i d'fháidh do na ciníocha.”

6. Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”

7. Ach dúirt an Tiarna liom:“Ná habair, ‘Is leanbh mé.’Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.

8. Ná bíodh faitíos ort rompu,óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,is é an Tiarna a labhraíonn.”

9. Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom:“Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,

10. a réabadh aníos agus a leagan síos,a mhilleadh agus a scriosadh,a thógáil agus a phlandú.”

11. Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise.

12. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.”

13. Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: “Céard a fheiceann tú?” Arsa mise: “Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.”

14. Ansin dúirt an Tiarna:“Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;

15. óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn.Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoiri mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird,agus in aghaidh bailte uile Iúdá.

16. Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n‑aghaidhi ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad misechun túis a loscadh do dhéithe eileagus oibreacha a lámh féin a adhradh.

17. Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic.Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit.Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise,ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.

18. I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniucathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práisin aghaidh na tíre seo go hiomlán,in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí,a sagart agus mhuintir na tíre.

19. Troidfidh siad i d'aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce -is é an Tiarna a labhraíonn.”