Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Triomach Mór

1. Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia ar uair an triomaigh:

2. “Tá Iúdá ag caoineadh,tá a bailte ag déanamh dobróinagus iad íslithe go talamh;téann éamh ó Iarúsailéim suas.

3. Cuireann na huaisle a gcosmhuintir faoi dhéin uisce,tagann siad chun na ndabhach,agus ní bhfaigheann uisce,filleann siad gona soithí folmha.

4. Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt,mar ní raibh fearthainn ann;tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.

5. Fiú na heilite, nach dtréigeann sí ar an réiteacha hoisín nuabheirthe, mar nach bhfuil féar ann.

6. Tá saothar anála ar na hasail fhiáineina seasamh dóibh ar na cnocáin loma,mar a bheadh seacáil ann;éiríonn a súile dallta d'uireasa féir.”

7. Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh,déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein!Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis,pheacaíomar i d'aghaidhse!

8. Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael,a shlánaitheoir in am an anó,cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo,mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?

9. Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall,mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn?Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc,gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!

10. Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.

11. Dúirt an Tiarna liomsa: “Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa.

12. Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”

13. D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”

14. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.

15. Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m'ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n‑abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo.

16. “Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.

17. “Abair an briathar seo leo:‘Sileann deora ó mo shúilede lá agus d'oíche, gan scor,óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire,buille rónimheanta.

18. Má théim amach faoin tuath,féach na mairbh sínte leis an gclaíomh!Má théim isteach sa chathair,feicim an dream atá tinn le hocras;fiú na fáithe agus na sagairt,treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”

19. Ar thréig tú Iúdá amach agus amach?An fuath le d'anam Síón?Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn?Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin!Le ham tarrthála - ach féach scanradh!

20. A Thiarna, admhaímid ár n‑olcagus éigeart ár n‑aithreacha;go dearfa pheacaíomar i d'aghaidhse.

21. Ar son d'ainmse ná diúltaigh sinn,ná tarcaisnigh ríchathaoir do ghlóire.Cuimhnigh orainn. Ná bris do chonradh linn.

22. An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn?An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt?Ach is tusa féin é, a Thiarna.Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas,is tú a dhéanann gach ní acu seo.