Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Iompú

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá:“Má scarann fear lena bheanagus go n‑imíonn sí uaidhagus go mbíonn sí ag fear eile,an bhféadann sí filleadh air arís?Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór?Agus tusa a rinne striapach díot féinleis an oiread sin leannán,an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.

2. Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach!An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat?Shuigh tú sna bealaí rompuar nós Arabaigh san fhásach.Tá an talamh truaillitheag do striapachas agus do chionta.

3. Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna,agus nach raibh fearthainn an earraigh ann.Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí,b'fhada uait lasadh agus náire.

4. Ar an uair sin féin nach raibh tú ag éamh orm:‘rí athair liom, ó a chara m'óige!

5. An leanfaidh sé dá fhearg go brách,an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir túden pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”

6. Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?

7. Cheap mise: ‘Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.’ Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo.

8. Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.

9. Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.

10. Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

11. Agus dúirt an Tiarna liom: “Is mó d'fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach.

12. Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh:Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní bheidh strainc orm leat feasta,óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.

13. Ach amháin admhaigh do chionta:an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhiagur imigh ag spallaíocht le strainséiríagus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.

14. “Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.

15. Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse.

16. Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin - an Tiarna a labhraíonn - ní déarfaidh aon duine arís go deo: ‘Áirc chonradh an Tiarna’, ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í.

17. Nuair a thiocfaidh an t‑am sin gairfear de Iarúsailéim: ‘Ríchathaoir an Tiarna’; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin.

18. Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.

19. Agus bhí mé ag ceapadh:Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac,agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn,an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile.Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom,agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.

20. Ach fearacht bean a imíonn go fealltach óna leannánd'fheall teach Iosrael ormsa- is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

21. Tá gleo le clos ar na harda loma:Caoineadh agus impí chlann Iosrael,óir is fada amú a chuaigh siad,agus rinne dearmad ar an Tiarna a nDia.

22. “Filligí, a mhaca mídhílse,leigheasfaidh mise bhur mídhílseacht.”“Táimid anseo, is ortsa atá ár dtriall, óir is tú an Tiarna ár nDia.

23. Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda,mar an gcéanna le scléip na sléibhte.Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.

24. Shlog an rud náireach saothar ár n‑aithreachaónár n‑óige anall,a dtréada agus a dtáinte, a mic agus a n‑iníonacha.

25. Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn,óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia(sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu;agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”