Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Bhablóin Sciúirse an Tiarna

1. An briathar a tháinig go Irimia i dtaobh phobal Iúdá uile sa cheathrú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá (b'í sin an chéad bhliain de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine).

2. D'fhógair an fáidh Irimia é i láthair phobal uile Iúdá agus i láthair mhuintir Iarúsailéim uile:

3. “Le trí bliana agus fiche, ón treas bliain déag de réimeas Ióisíá mac Ámón, rí Iúdá, go dtí inniu, tháinig briathar an Tiarna chugamsa agus labhair mé libhse gan scor (ach níor éist sibh.

4. Agus chuir an Tiarna chugaibh gan scor a sheirbhísigh uile na fáithe, ach níor éist sibh, ná níor thug sibh aird).

5. Ba é a dúirt siad: ‘Filligí gach aon agaibh óna dhrochshlí, agus ó olc bhur ngníomhartha, agus fanfaidh sibh ar an talamh a thug an Tiarna anallód daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha le saol na saol.

6. (Agus ná himígí i ndiaidh déithe eile d'fhónamh dóibh agus á n‑adhradh; ná brostaigí mise chun feirge le hoibreacha bhur lámh féin; agus ní dhéanfaidh mé dochar daoibh.’)

7. Ach níor éist sibh liom (- an Tiarna a labhraíonn - agus bhrostaigh sibh anois mé chun feirge le hoibreacha bhur lámh, chun bhur ndochair féin).

8. Ar an ábhar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, de bhrí nár éist sibh le mo bhriathar,

9. cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.

10. “Tógfaidh mé uathu gáir an tsúgartha agus na meidhre, gártha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, tormán na brón muilinn agus solas an lóchrainn.

11. Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.

12. (Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin - an Tiarna a labhraíonn - san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.)

13. Tabharfaidh mé ar an tír sin na briathra go léir a labhair mé ina haghaidh, an uile ní dá bhfuil scríofa sa leabhar seo.”

Oracail in Aghaidh na Náisiún

Réamhrá (cf. cc. 46-51): Fís an Chupáin

14. An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)

15. Is mar seo a labhair an Tiarna, Dia Iosrael, liomsa: “Glac an cupán fíona seo as mo láimh agus tabhair ar an uile chine chuig a gcuirfidh mise thú, ól as;

16. ólaidís agus luascaidís agus bídís ar mearbhall mar gheall ar an gclaíomh a chuirfidh mé ina measc.”

17. Ghlac mise an cupán as láimh an Tiarna agus thug mé ar na ciníocha uile chuig ar chuir an Tiarna mé, a ól,

18. (Iarúsailéim agus bailte Iúdá, a ríthe siúd agus a bprionsaí a dhéanamh fásaigh agus uafáis díobh, agus magaidh agus mallaithe mar atá inniu);

19. Forann rí na hÉigipte, mar aon lena sheirbhísigh, a uaisle agus a dhaoine uile.

20. Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod,

21. Eadóm, Móáb, agus clann Ámón;

22. ríthe uile Thuíre, ríthe uile Shíodón, agus ríthe na n‑insí taobh thall d'fharraige,

23. Déadán, Téamá, agus Búz, agus na Bearracháin uile,

24. ríthe uile na hAráibe a chónaíonn san fhásach,

25. (ríthe uile Zimrí) agus ríthe uile Éalám, agus ríthe uile Méide,

26. ríthe uile an tuaiscirt i bhfogas agus i gcéin, ceann ar cheann; agus na ríochtaí uile atá ar chlár na talún. (Maidir le rí Shéiseac, ólfaidh seisean ar deireadh.)

27. “Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’

28. Má dhiúltaíonn siad an cupán a ghlacadh as do láimh agus a ól, déarfaidh tú é seo leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Is éigean daoibh ól!

29. Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m'ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún - Tiarna na Slua a labhraíonn.’

30. “Tairngir thusa ina n‑aghaidh na briathra seo uile, agus abair leo:‘Nuallann an Tiarna ón ard,labhraíonn sé óna shanctóir naofa;béiceann os ard in aghaidh a chró caorach;ligeann gáir amhail an dream a shiúlann ar na caora.Cluineann áitritheoirí uile na talún an tormán;

31. sroicheann sé imill imigéiniúla an domhain.Óir tá an Tiarna ag cúisiú na náisiún,ag tabhairt an uile fheoil chun breithiúnais;tugann sé don chlaíomh na hurchóidigh- an Tiarna a labhraíonn.’

32. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:‘Féach, leathnaíonn an t‑olc ó chine go cineéiríonn anfa mór ó imill imigéiniúla an domhain.’

33. “Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach.

34. Uailligí a thréadaithe na gcaorach, éimhigí,únfairtigí ar an talamh, a thiarnaí na dtréad,óir tá laethanta bhur n‑eirligh ar láimh,fearacht na reithí is deise, titfidh sibh.

35. Níl dídean anois ag na haoirí,níl éalú ag tiarnaí na dtréad!

36. Éist! uaill éimhe na n‑aoirí,guthanna thiarnaí na dtréad!Óir mhill an Tiarna a n‑iníor,

37. tá a gceapóga ciúine scriosta,[de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna].

38. Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil,anois tá a dtír ina fhásach,de bharr an chlaímh mhillte,de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”