Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Chonspóid le Hanainiá

1. An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:

2. “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Tá cuing rí na Bablóine briste agam.

3. Taobh istigh de dhá bhliain tabharfaidh mé liom ar ais chuig an áit seo soithí uile Theampall an Tiarna a rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis as an áit seo agus a d'iompair sé chuig an mBablóin.

4. Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin - an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ”

5. Ansin thug Irimia fáidh freagra ar an bhfáidh Hanainiá i bhfianaise na sagart agus an phobail uile a bhí i dTeampall an Tiarna.

6. “Bíodh sé amhlaidh,” a dúirt Irimia fáidh. “Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo.

7. Ach éist anois leis an bhfocal seo a déarfaidh mise i do chluasa agus i gcluasa an phobail uile.

8. Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;

9. ach an fáidh a thairngríonn síocháin, aithneofar gurb é an Tiarna go fírinneach a chuir uaidh é nuair a thiocfaidh briathra an fháidh i gcrích.”

10. Ansin bhain Hanainiá fáidh an chuing de mhuineál Irimia fáidh agus bhris í.

11. Labhair Hanainiá ansin i bhfianaise an phobail uile: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Is mar seo a bhrisfidh mé i gcionn dhá bhliain, cuing Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus bainfidh mé í de mhuineál na gciníocha uile.’ ” D'imigh Irimia leis ag an bpointe sin.

12. Nuair a bhí Hanainiá fáidh tar éis an chuing, a thóg sé de mhuineál Irimia fáidh, a bhriseadh, tháinig briathar an Tiarna go Irimia:

13. “Imigh leat go Hanainiá agus abair seo leis: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tig leat cuingeacha maide a bhriseadh? Más ea, déanfaidh mise cuingeacha iarainn dóibh ina n‑áit.

14. Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”

15. Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: “Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag.

16. Ar an ábhar sin - seo mar a deir an Tiarna: ‘Tá fúm thusa a theilgean d'aghaidh na talún: éagfaidh tú i mbliana, [de bhrí gur sheanmóir tú easumhlaíocht in aghaidh an Tiarna].’ ”

17. D'éag Hanainiá an bhliain chéanna sin, sa seachtú mí.