Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Irimia 23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Rí atá le Teacht

1. “Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m'innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán - an Tiarna a labhraíonn.

2. Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.

3. Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.

4. Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu - an Tiarna a labhraíonn.

5. Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn -agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;rialóidh sé ina rí go críonna,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.

6. Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

7. “Mar sin, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’

8. ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”

In Aghaidh Fáithe Bréige

9. I dtaobh na bhfáithe:Tá mo chroí istigh ionam briste,creathnaíonn mo chnámha uile;is cosúil le fear meisce mé;is cosúil le fear a chloígh fíon mémar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa;tá an tír lán d'adhaltranaigh.

10. (Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.)“Chun olc a dhéanamh tá siad mearagus is é an mícheart a neart.

11. Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga;i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid- an Tiarna a labhraíonn.

12. Ar an ábhar seo is sleamhain an tslíatá ag síneadh rompu;sa dorchacht mar a ndíbreofar iadis ann a thitfidh siad.Óir tabharfaidh mise olc orthui mbliain a bhféachana- an Tiarna a labhraíonn.

13. I bhfáithe na Samáirechonaic mé nithe a chuir samhnas orm:thairngreadar trí Bhálagus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.

14. Ach i bhfáithe Iarúsailéimchonaic mé na nithe gránna:adhaltranas, síoréitheach,an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha,nach bhfilleann aon duine óna olc;tá siad domsa mar Shodom,a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.

15. Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Sluai dtaobh na bhfáithe:Anois beathóidh mé iad le mormónta,agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól,mar is ó fháithe Iarúsailéim amacha leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.

16. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd;is do bhur mealladh atá siad,aithriseann siad físeanna a gcroí féin,agus ní as béal an Tiarna;

17. leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad,‘Gheobhaidh sibh síocháin’,agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlía gcruachroí féin:‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”

18. (Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d'éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)

19. Anois éiríonn anfa an Tiarna,séideann an stoirm ghaoithe,briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;

20. ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí,agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí.Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.

21. “Ní mise a sheol na fáithe seo uaim,ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith;ní leo a labhair mé;ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht.

22. An raibh siad i láthair ag mo chomhairle?Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal,agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideachagus ó olc a ngníomhartha.

23. An Dia i ngar mise - an Tiarna a labhraíonn -agus nach Dia mé i bhfad uait?

24. An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorchaagus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn.Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.

25. “Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’

26. Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin?

27. Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál.

28. “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?- an Tiarna a labhraíonn.

29. Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine- an Tiarna a labhraíonn -nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?

30. “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - a ghoideann mo bhriathra óna chéile.

31. Táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.

32. Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.

33. “Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’

34. “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.

35. Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d'fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’

36. Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia.

37. Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’

38. Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n‑abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna;

39. mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh.

40. Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’ ”