Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Is Cóir é Dia

1. D'fhreagair Bildead ó Shiúach ansin agus dúirt:

2. An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat?Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab?

3. An gclaonann Dia an ceart?An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir?

4. Má pheacaigh do chlann ina aghaidhThug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad.

5. Má théann tú faoi choimirce Dé,Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach,

6. Má bhíonn tú íon ionraic,Ansin músclóidh sé ar do shon,Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.

7. Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit,Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.

8. Cuir ceist ar an nglúin a d'imigh romhat,Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear -

9. Fás aon lae sinne, gan aon eolas;Níl inár ré ar talamh ach scáil -

10. Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat,Agus briathra mar seo á rá ó chroí:

11. An bhfásann an phaipir gan bhogach?An mbláthaíonn geitirí gan uisce?

12. Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise,Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.

13. A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé,Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal

14. Níl ina mhuinín ach tráithnín,Agus ina mhisneach ach líon damhán alla.

15. Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé.Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé.

16. Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin,Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt.

17. Ach tá a fhréamha in achrann i gcarnán cloch,Agus tá [cónaí air] i measc na gcarraigeacha.

18. Fuadaigh as a leaba é,Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é.

19. Tiormaíonn [an ghrian] é, féach,Agus fásfaidh a thuilleadh ón talamh.

20. Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan,Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.

21. Beidh cár gáire ort athuairAgus beidh lúcháir ar do bheola.

22. Beidh náire mar bhrat ar lucht d'fhuathaAgus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.