Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Iomann don Eagna

1. Tá mianach ann don airgeadAgus tine ann leis an ór a ghlanadh.

2. Tógtar iarann as an talamh,Agus tagann copar ón gcloch leáite.

3. Cuireann an duine deireadh le dorchadas.Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladhSíos go híochtar agus go grinneall.

4. Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt,In áiteanna atá gan teannta don chois,Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.

5. An talamh as a dtagann an t‑arán,Déantar é a chreachadh laistíos le tine.

6. Is leaba saifírí a chlocha,Agus ór is luaithreach aige.

7. Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche,Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.

8. Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin,Ná níor leag an leon a chosa air.

9. Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch,Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.

10. Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha,Agus é ag faire amach do gach sort seoide.

11. Cuardaíonn sé foinsí na n‑aibhneacha,Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.

12. Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáilAgus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?

13. Ní eol don duine an bealach chuici,Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.

14. Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,”Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”

15. Ní féidir í a cheannach ar ór,Ná díol aisti le meáchan airgid.

16. Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

17. Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi,Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.

18. Ní fiú cuireal ná criostal a lua -I gcóimheas léi ní fiú péarla an t‑iascach.

19. Tópás na hAetóipe ní ionann agus í,Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.

20. Ach inis dom, cad as don eagna?Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?

21. Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir,Agus ceilte ar éanlaith an aeir.

22. Deir Abadón agus an Bás:“Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.”

23. Ag Dia amháin is fios a cosán,Agus dó is eol a háit lonnaithe.

24. Mar tá radharc aige go imill na cruinne,Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.

25. Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth,Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,

26. Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach,Agus cosán le leanúint don toirneach,

27. Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas;Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.

28. Agus dúirt sé leis an duine:“Féach, eagla an Tiarna an eagna,Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”