Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is beag orm mo bheo.Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán,Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.

2. Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé!Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.

3. An gean leat bheith do mo chiapadh,Bheith ag maslú saothar do lámh,Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?

4. An bhfuil súile daonna i do cheann?An bhfuil radharc agat mar atá ag an duine?

5. An bhfuil do ré mar ré an duine dhaonna?Agus do bhlianta mar bhlianta an duine?

6. A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca,Agus ar lorg mo choire,

7. Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach,Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.

8. Do lámha a chum agus a cheap mé,Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?

9. Cuimhnigh go ndearna tú mé den chréAgus an ndéanfaidh tú cré arís díom?

10. Nár dhoirt tú amach mé mar bhainneAgus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis?

11. Chuir tú brat craicinn agus feola tharam,Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;

12. Bhronn tú beatha agus buanghrá ormAgus caomhnaigh tú m'anam le barr cúraim.

13. Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí,Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:

14. Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil ormAgus gan mo choir a mhaitheamh dom.

15. Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé!Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann,Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.

16. Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon,Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.

17. Tugann tú finnéithe nua i mo choinneAgus méadaíonn tú do mhíshásamh liom.Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.

18. Cén fáth gur thug tú ón mbroinn mé?Uch nár éag mé, gan súil a leagan orm,

19. Agus bheith amhail is nach raibh mé ann riamh,Do mo bhreith ó bhroinn go huaigh.

20. Nach suarach iad laethanta mo bheatha?Lig dom le go mbeadh greas aoibhnis agam,

21. Sula n‑imím, imeacht gan teacht,Go tír an dorchadais agus scáil an bháis,

22. Go tír a bhfuil a ghruaim mar dhorchadas tiubh,Scáil an bháis gan eagar,Arb dorchadas tiubh a ghileAgus nach bhfeiceann solas na beatha.