Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cóir Dé i Reim

1. Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:

2. Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá;Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?

3. Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leisNí fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.

4. Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart.Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?

5. Eisean a d'aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh;Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.

6. Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad,Ionas go gcritheann a colúin go léir.

7. Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n‑éiríonn sí,Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.

8. Eisean amháin a leath na spéartha amach,Agus a shatail ar thonnta na mara.

9. Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí,An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt.

10. Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimseAgus iontais thar áireamh.

11. Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é;Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.

12. Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc?Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?

13. Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloíAgus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.

14. Nach lú ná sin fós a d'fhéadfainnse freagra a thabhairt air,Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?

15. Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt.Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.

16. Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé,Ní chreidim go n‑éistfeadh sé le mo bhriathar.

17. Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,]Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.

18. Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingtAgus a líonann mé le dobrón.

19. Más neart atá i gceist - siúd é an tUilechumhachtach!Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?

20. Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé;Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.

21. Mé a bheith neamhchiontach - ní bheadh a fhios sin agam.Chaithfinn uaim m'anam féin.

22. Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim:Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.

23. Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann,Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.

24. Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach;Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna.Nó murab eisean, cé heile?

25. Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha;Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas.

26. Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí,Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.

27. Má deirim: “Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán,Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach”;

28. Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm,Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.

29. Is mise a dhaorfaí,Cad ab áil liom ag obair in aisce?

30. Dá nífinn mé féin le huisce sneachta,Agus mo lámha a ghlanadh le buac,

31. Ansin do thumfá mé sa cheachair,Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.

32. Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air,Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.

33. Níl aon idirghabhálaí eadrainn,A leagfadh a lámh orainn araon.

34. Baineadh sé díom a shlat,Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;

35. Ach labhroidh mé ansin gan eagla roimhe,Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor.