1. Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:
2. Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe,Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.
3. Óir déanann an chluas briathra a phromhadh,Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.
4. Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart;Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.
5. Dúirt Iób: “Táimse fíréanta,Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.
6. Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom,Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”
7. An bhfuil a lán de leithéid Iób ann,A shlogann an sciolladh mar uisce?
8. Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilcAgus a shiúlann le hurchóidigh?
9. Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce éDo dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
10. Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna;Is fada ó Dhia an choirpeachtAgus an éagóir ón Uilechumhachtach.
11. Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha,Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.
12. Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir,Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;
13. Cé chuir an chruinne faoina chúramAgus an saol mór ina iontaoibh?
14. Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin,Agus a anáil a bhailiú chuige féin,
15. Gheobhadh gach feoil bás,Agus d'fhillfeadh an duine ar an gcré.
16. Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo,Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:
17. An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas?An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh?
18. An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí,Agus “coirpeach” ar thaoiseach,
19. Agus nach mbeadh lé aige le flatha,Ná le saibhre thar na boicht,Mar gur óna láimh féin iad uile.
20. Faigheann siad bás i bprapadh na súl;Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche,Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
21. Óir tá súil aige ar iompar an duine,Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann.
22. Níl dorchadas ná scáil bháis ann,Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.
23. Óir ní dhearna sé coinne d'aon duineLe dul i láthair Dé i mbreithiúnas.
24. Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh,Agus cuireann dream eile ina n‑áit.
25. Tá fios a mbeart aige,Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.
26. Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta,Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.
27. “D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú,“Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,
28. I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé]Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
29. D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh;Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?”Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,
30. Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.
31. Má deir duine le Dia:“Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.
32. Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é!Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”
33. - Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú,Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna?Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh,Abair céard atá ar eolas agat.
34. An mhuintir thuisceanach go léir,Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:
35. “Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób,Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.”
36. Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe,Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh.
37. Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca,Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc]Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.