Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt:

2. Dar Dia beo a bhain díom mo cheart,Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m'anam,

3. Fad tá an dé ionam,Agus spiorad Dé i mo pholláirí,

4. Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brachNá ní thiocfaidh bréag as mo bhéal!

5. Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart!Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m'ionracas.

6. Seasaim ar fhód m'fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé.Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.

7. Droch-chríoch ar m'eascara, dála an urchóidigh,Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.

8. Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó,Agus ag ardú a anama chun Dé?

9. An n‑éistfidh Dia lena ghlaoNuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?

10. An é an tUilechumhachtach is gean leis?An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?

11. A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé,Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.

12. Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad,Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.

An Mac Mallachtan

13. Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach,Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.

14. Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh;Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.

15. Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh,Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón.

16. Cruinníodh sé airgead mar luaithreach,Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré.

17. Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh,Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic.

18. Thog sé nead damhán alla dó féin,Agus seantán fhear faire.

19. Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís,Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe.

20. Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile,Agus fuadóidh stoirm é san oíche.

21. Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é,Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe.

22. Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise;Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha.

23. Buailfear bosa nuair a leagfar ar lár é,Agus beifear ag drannadh air ó gach aird.