Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Chéad Agallamh

Mallacht ar Lá a Bhreithe

1. Faoi dheireadh d'oscail Iób a bhéal agus chuir a mhallacht ar lá a bhreithe.

2. Seo mar a dúirt sé:

3. Scrios ar an lá a rugadh méAgus ar an oíche a dúirt: “Gineadh mac.”

4. Gura dorchadas an lá sin!Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann!Nár lonraí solas air.

5. Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é!Go luí na scamaill air,Agus go scanraí urú an lae é!

6. Go bhfaighe dorchadas tiubh greim ar an oíche úd,Nár [chuirtear] í le laethe na bliana,Nár áirítear i le líon na míonna!

7. Bíodh an oíche úd gruama,Nár thaga gáir áthais ina gaire!

8. Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi,Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt!

9. Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire;Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas;Nár fheice sí fabhraí na maidine!

10. Uch nár dhún sé comhlaí na broinne ormAgus nár cheil an brón ar mo shúile.

11. Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn,Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti?

12. Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom,Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?

13. Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas,Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,

14. Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne,A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe,

15. Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh,Agus a líonadh a dtithe le hairgead;

16. Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann],Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.

17. Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n‑urchóidAgus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas.

18. Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile,Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh.

19. Is cuma uasal agus íseal ansiúd,Agus tá an daor saor óna mhaistir.

20. Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt?Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,

21. An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theachtAgus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe;

22. An drong a bhíonn ag rince le corp lúcháire,Agus iad ag déanamh gairdis nuair a shroicheann siad an uaigh;

23. Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach,Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall?

24. Mar bhia tagann chugam m'osnaílAgus scaoiltear le m'uchláin ina dtuile.

25. An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm;An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm.

26. Níl agam suaimhneas ná síoth,Níl agam sos, ach buaireamh i mo dháil.