Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ag an Urchóideach atá an Bua

1. Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt sé:

2. Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu,Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m'osnaíl.

3. Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é,Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.

4. Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhairAgus bheadh clab orm le hargóintí.

5. D'fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé,Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.

6. An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais?Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.

7. Is duine ionraic a bheadh ag argóint leisAgus bhuafainn mo chás go dearfa.

8. Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann;Nó siar, ní bhfaighim radharc air.

9. Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air;Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.

10. Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí,Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.

11. Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna,Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.

12. Níor chlaon mé ó aithne a bheola,Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.

13. Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo?Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.

14. Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom,Dála a lán beartas eile atá socair aige.

15. Uime sin, tá uafás orm ina láthair;Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.

16. Scaip Dia mo mhisneach,Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.

17. Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air,Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.