Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus tharla lá eile gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna agus tháinig an Sátan ina láthair mar an gcéanna ina measc.

2. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”

3. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.”

4. Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.

5. Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.”

6. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!”

7. Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.

8. Thóg seisean slige leis chun é féin a scríobadh agus suigh sé sa luaithreach.

9. Ansin dúirt a bhean leis: “An gcloíonn tú fós le d'fhíréantacht? Cuir do mhallacht ar Dhia agus faigh bás!”

10. “Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.

11. Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d'fhág gach duine díobh an baile - Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát - rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do.

12. Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe).

13. Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n‑oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é.