Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Iób á Chosaint Féin

1. Rinne mé margadh le mo shúile,Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.

2. Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh?Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?

3. Nach tubaiste ar an gcoirpeach?Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?

4. Nach bhfeiceann sé mo bhealaíAgus nach n‑áiríonn sé mo choiscéimeanna?

5. An raibh mé cois ar chois leis an mbreag?Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?

6. Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic,Agus bíodh m'fhíréantacht ar eolas ag Dia!

7. Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach,Nó má lean mo dhúil mo shúil,Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,

8. Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar;Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!

9. Má mealladh mé riamh ag bean,Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan,

10. Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile,Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa.

11. Ba pheaca drúise é sin,Coir le [díolt ag an dlí],

12. Coir a d'adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón.Agus a dhófadh m'fhómhar go léir.

13. Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráinNó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom,

14. Cad a dhéanfainn nuair a d'éireodh Dia?Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú?

15. An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin?Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?

16. Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air?Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?

17. Ar chaith mé mo chuid bia liom féin,Gan cuid a thabhairt don dílleachta?

18. Óir bhí [Dia] mar athair agam do m'oiliúint ó m'óige,Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.

19. An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach,Nó fear bocht gan bhrat,

20. Agus gan é do mo bheannú ó chroí,Agus lomra mo chaorach á théamh?

21. Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh],Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?

22. Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán,Agus go stractar mo ghéag as alt!

23. Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm,Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.

24. Ar chuir mé mo mhuinín san ór?Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: “Is tú mo thaca.”

25. Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine?Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?

26. Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir,Nó niamh na gealaí ina cúrsa,

27. Ar mealladh mo chroí os ísealIs gur chaith mé póg ó mo láimh leo?

28. Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí -Mé a shéanadh Dé in airde.

29. Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad,An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?

30. Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh,Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do.

31. Nár dhúirt lucht mo bhotha:“An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”

32. Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid;Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí].

33. Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]?Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh?

34. An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobailNó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?

35. Uch gan [Dia] le héisteacht liom!Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.

36. Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne,Caithfidh mé ar mo ghualainn é,Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin;

37. Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol,Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.

38. Má ghlaoigh mo chuid talún i m'aghaidh,Agus go raibh gach clais ar snámh le deora,

39. Má ith mé a thoradh gan díol as,Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,

40. Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht,Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna.(Sin críoch ar bhriathra Iób.)