Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

A Rialtóirí na nGintlithe

Lorgaigí an Eagna

1. Éistigí, mar sin, a ríthe, agus tuigigí.Foghlaimígí, a rialtóirí na dtíortha is iargúlta.

2. Tugaigí cluas, sibhse atá i gceannas ar na sluaite daoineagus atá mórálach as oll-líon bhur ngéillsineach.

3. Óir is é an Tiarna a thug an ceannas daoibhagus is ón Té is Airde a fuair sibh an flaitheas.Cuirfidh sé fiafraí ghéar ar bhur ngníomharthaagus déanfaidh sé mionscrúdú ar bhur n‑intinní.

4. Mar is sibhse riarthóirí a ríochta,ach os amhlaidh nár thug sibh breitheanna córaagus nár chomhlíon sibh an dlí,agus nár thug sibh bhur saol de réir thoil Dé,

5. tiocfaidh sé in bhur gcoinne go haduafar tobann;óir is dian í an bhreith a thugtar ar lucht an cheannais.

6. Le teann trócaire tugtar maithiúnas don ísealach cuirfear fiafraí ghéar ar an uasal.

7. Ní chúbfaidh Tiarna na nUile roimh dhuine ar bith,ná níl beann aige ar an mustar,mar is é a chruthaigh mion agus móragus tugann sé an aire chéanna dóibh araon.

8. Is ea! Déanfar scrúdú dian ar lucht na cumhachta.

9. Chugaibhse, mar sin, a fhlatha, mo bhriathrale súil go bhfoghlaimeoidh sibh an eagnaagus nach ndéanfaidh sibh peacaí.

10. Óir naomhófar na daoinea chaomhnaíonn nithe naofa go cráifeach;agus na daoine ar múineadh dóibh iad,gheobhaidh siad cóir chosanta iontu.

11. Bíodh dúil agaibh, mar sin, i mo bhriathra;bígí ag tnúthán leo agus gheobhaidh sibh múineadh iontu.

An Té a Lorgann Faigheann

12. Is niamhrach domhúchta í an eagna;na daoine a bhfuil grá acu di,tugann siad faoi deara í gan dua;agus na daoine a bhíonn á lorg,faigheann siad í go furasta.

13. Ligeann sí a haithne roimh réleis na daoine a bhfuil dúil acu inti.

14. An té a éiríonn go moch ar a tóirní bheidh a shaothar in aisce aige,mar gheobhaidh sé í ina suí ag a gheataí.

15. Is é barr na tuisceana é machnamh uirthi;agus an té a dhéanann faire ar a sonis gairid go mbeidh sé saor ó imní.

16. Óir téann sí féin timpeallag lorg a díol de dhaoine;agus le neart dea-mhéinetaispeánann sí í féin dóibh ar na bóithre,agus gluaiseann sí faoina ndéingach uair a smaoiníonn siad uirthi.

17. Óir is é fíorthosach an fheasa fonn foghlama.Ach músclaíonn cíocras chun foghlama grá di,

18. agus bunaíonn an grá comhlíonadh a haitheanta,agus is ionann coinneáil a haitheantaagus urraíocht ar an mbeatha shíoraí.

19. Agus céard í an bheatha shíoraíach bheith i láthair Dé?

20. Mar sin de is dúil san eagnaa threoraíonn an duine chun flaithis.

21. Dá bhrí sin, a rialtóirí ciníocha,má bhaineann sibh aoibhneas as ríchathaoireachaagus as ríshlata,tugaigí ómós don eagna chun go mbeidh sibh ag rialú go deo.

Cén Ní í an Eagna

Réamhrá

22. Míneoidh mé daoibh cén ní í an eagnaagus conas a tháinig sí ann.Ní cheilfidh mé aon rúndiamhra oraibh;Is amhlaidh a dhéanfaidh mé a lorg óna fíorthosach amachagus cuirfidh mé eolas soiléir ar fáil ina taobh.Ní ghluaisfidh mé thar an bhfírinne,

23. agus ní mó ná sin a thaistealóidh méi gcuideachta an éada mhífholláin,mar ní dhéanann an t‑éad aon chaidreamh leis an eagna.

24. Is slua saoithe a shlánaíonn an domhanagus ceannaire ciallmhar a dhaingníonn pobal.

25. Mar sin de, gabhaigí teagasc ó mo bhriathraagus déanfaidh sé tairbhe daoibh.