Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dá dheasca sin, uile, cuireadh an pionós a bhí tuillte acuar na daoine seo le hainmhithe den chineál céannaagus ciapadh iad le sluaite feithidí.

2. In áit na pianpháise seo, áfach,is amhlaidh a chuir tusa comaoin ar do phobal féin;d'ullmhaigh tú gearra goirt mar bhia dóibh,mar shócamais a shásódh an goile géar a bhí acu,

3. ionas, nuair a bhuailfeadh fonn ite an dream eile úd,go mbainfeadh na hainmhithe urghránna a chuirfí chucu, díobhfiú amháin an goile nádúrtha a bhí acu don bhiaa bhí riachtanach dóibhagus ar an taobh eile de go mbeadhsócaimis le hithe ag do phobal féintar éis dóibh bheith ar an ngannchuid ar feadh tamaillín.

4. Óir ba ghá go bhfágfaí ganntanas doleigheastaar na tíoránaigh úd,ach níor ghá ach go dtaispeánfaí do do phobal féinconas a bhí a naimhde á gciapadh.

Péisteanna, Lócaistí, Cuileoga, an Nathair Chré-Umha

5. Scaoileadh cuthach fíochmhar beithíoch allta faoi do phobal freisin,agus bhí siad á ndíothú ag cealga na nathracha lúbarnacha,ach níorbh fhada gur tháinig maolú ar do chuid feirge.

6. Ba mar rabhadh dóibh a cuireadh imeagla orthuar feadh tamaillín,ach tugadh comhartha slánaithe dóibh ansinchun go gcoinneoidís cuimhne ar aitheanta do dhlíse.

7. Óir gach duine a thug a aghaidh ar an gcomhartha seo,ní tríd an rud a chonaic sé a sábháladh é,ach tríotsa, slánaitheoir na n‑uile.

8. Leis an gcomhartha seo chomh maithchuir tú ina luí ar ár naimhde,gur tusa amháin a shaorann daoine ó gach olc.

9. Óir maraíodh iad siúd le cealga lócaistí agus cuileogagus bhí sé tuillte acu go bpionósfaí iadlena leithéid sin d'fheithidí.

10. Níor cloíodh do chlann mhac féin, áfach,le fiacla nathracha nimhe,mar tháinig do thrócaire i gcabhair orthu, agus leigheasadh iad.

11. Cealgadh iad ar ndóigh,i dtreo go gcoinneoidís cuimhne ar do chuid oracal;ach is go tapa a tarrtháladh ansin iad,ar eagla go mbéarfadh díchuimhne dholeigheasta greim orthu,agus go dtarraingeofaí a n‑intinn ó do chineáltas.

12. Ní luibh ná ceirín a shlánaigh iadach do bhriathar féin amháin, a Thiarna,a leigheasann an uile ní.

13. Is agatsa amháin atá cumhacht ar bhás agus ar bheatha daoine.Seolann tú síos go geataí ifrinn iad agus aníos arís.

14. I dtaca leis an duine de, áfach,d'fhéadfadh sé duine eile a mharú le corp mailíse,ach níl sé ar a chumas an spiorad atá imithe a thabhairt ar aisnó an t‑anam atá gafa a scaoileadh saor.

15. Ach ní féidir éalú ó do láimhse.

Báisteach, Tine, Cloch Shneachta, an Manna

16. Óir dhiúltaigh na héagraifigh géilleadh duit;dá dheasca sin, thug do chuisle chumhachtach sciúrsáil dóibh,agus ciapadh iad le ceathanna uafásacha báistí agus cloch shneachtaa tháinig anuas orthu ina nduartan, agus ídíodh iad go hiomlán le tine.

17. Agus b'é an rud ab aistí orthu go léirgur mhóide éifeacht na tine í a bheith san uisce,rud ar dual dó gach uile ní a mhúchadh;ar ndóigh troideann an chruinne féin ar son na bhfíréan.

18. Uaireanta, mhaolaigh ar na lasracha údionas nach n‑ídeodh siad na hainmhithe,a seoladh in aghaidh na n‑éagráifeach,ach go dtuigfidís, nuair a d'fheicfidís é seo,gurb í daorbhreith Dé a bhí ar a dtí.

19. Uaireanta eile, fiú amháin i lár an uisce,bhí na lasracha níos tréine ná gnáththine,sa chaoi go scriosfaidís barra na talún mallaithe.

20. Ina ionad sin go léir, áfach,chothaigh tú do phobal féin le bia aingeal,agus chuir tú arán chucu ó neamhnár sholáthraigh siad féin lena gcuid oibreach a bhí cóirithe dóibh cheana féin,agus a raibh gach uile shuairceas ann,sa chaoi go bhfaigheadh cách blas air.

21. Óir, an lón seo a chuir tusa ar fáil,thaispeáin sé chomh lách is a bhí tú le do phobal;is amhlaidh a réitigh sé le goile gach duine a chaith émar athraíodh é de réir mar ba mhian le cách.

22. Sheas an sneachta agus an t‑oighear an tine,agus níor leáigh siad ionas go mbeadh a fhios ag do phobal féingo raibh torthaí a naimhde á n‑ídiú ag an tinea bhí ag bladhmadh sa chloch shneachta,agus ag spréacharnach sna múrtha báistí.

23. Rinne an tine chéanna seo dearmad ar a mhianach féin,i dtreo go gcothófaí na firéin.

24. Óir, ag freastal di ortsa, an cruthaitheoir,luíonn an chruthaíocht amach uirthi féin chun drochdhaoine a smachtú,ach maolaíonn sí a fuinneamh ar mhaithe leo siúda chuireann a muinín ionatsa.

25. Ar an ábhar sin, an uair úd féin,tháinig an uile shaghas athrú uirthide réir do chuid flaithiúlachta uilechothaithí,ionas go sásódh sí dúil na ndaoine a bhí ag éamh ort,

26. agus go bhfoghlaimeodh do chlann mhac féin, a Thiarna,a raibh an oiread sin grá agat dóibh,nach é táirgeadh torthaí a chothaíonn an duineach gurbh é do bhriatharsa a chaomhnaíonn a bhfuila muinín acu asat.

27. Óir, an lón bia nár scriosadh le tine,leáigh sé gan mhoill,nuair nach ndearnadh ach é a théamhle spalladh beag gréine.

28. Tharla sé seo chun go dtuigfínach foláir do dhuine bheith ina shuí roimh éirí gréinechun buíochas a ghabháil leat,agus a ghuí a chur suas chugat le lonradh an lae.

29. Óir tiocfaidh leá an tseaca geimhridhar dhóchas an duine dhíomaigh,agus snífidh sé leis mar uisce fuíll.