Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is fearr aimride gheanmnaí ná é sin;óir an aimride a gcoimeádtar cuimhne uirthitá neamhbhásmhaireacht ag gabháil léi,mar bíonn ardmheas ag Dia agus ag daoine uirthi.

2. Nuair a bhíonn sí ann déantar aithris uirthi;ach bíonn cumha ar dhaoine ina diaidh nuair a imíonn sí léi;gluaiseann sí ar aghaidh go caithréimeachar feadh na síoraíochta faoi choróin bláthanna,mar tá sí tar éis an bua a bhreith léii gcomórtas le haghaidh duaiseanna gan cháim.

3. Ach ní bheidh rath ná bailar shliocht líonmhar na n‑éagráifeach.Ó fhásann said ó mheatháin bhréige,ní chuirfidh siad fréamhacha doimhne,ná ní bheidh greim daingean acu san ithir ach oiread.

4. Óir fiú amháin má chuireann siad craobhacha amach ar feadh tamaill,bainfidh an ghaoth croitheadh astu,toisc iad a bheith éadaingeanagus stoithfidh sí óna bhfréamhacha iad lena neart.

5. Brisfear craobhacha craptha díobh;beidh a dtorthaí gan mhaith;beidh siad róghlas le hitheagus gan fiúntas ar bith iontu.

6. Óir an chlann a ghintearde dheasca comhriachtana neamhdhleathaí,bíonn siad ina bhfinnéithe ar urchóid a dtuismitheoirínuair a dhéantar mionscrúdú orthu.

Bás Anabaí

7. Fiú amháin má fhaigheann an fíréan bás anabaí,beidh sé faoi shuaimhneas.

8. Óir ní fad saoil a thugann onóir don seanduinená ní de réir líon a bhlianta a mheastar é.

9. Ach is í an eagna fíorléithe an duineagus beatha gan smál a fhíor-sheanaois.

10. Ba ríthaitneamhach le Dia é agus thug Dia grá dó;agus ó bhí cónaí air i measc peacach, aistríodh é.

11. Fuadaíodh é ar eagla go n‑athródh an t‑olc a thuiscintnó go meallfadh an chealgaireacht a chroí.

12. Óir milltear an mhaith le draíocht na baoiseagus truaillíonn seachránacht na hainmhéine an aigne shaonta.

13. In achar ghearr tugadh chun foirfeachta ésa chaoi gur shlánaigh sé seal mór blianta.

14. Ba thaitneamhach a chroí leis an Tiarna;ar an ábhar sin thóg sé leis go tapa é ó lár an oilc.

15. Chonaic na daoine é seo ach níor thuig siad éná ní mó ná rith sé leo go bhfaigheann muintir thofa an Tiarnagrásta agus trócaire uaidh, agus go dtugann sé aire dá naoimh.

16. Daorann an fíréan marbh na héagráifigh beo,agus an óige a tugadh chun foirfeachta go tapa,lochtaíonn sí seanaois bhlianach an drochdhuine.

17. Feicfidh siad bás an eagnaí ach ní thuigfidh siadcéard a bhí ceaptha ag Dia dónó cad chuige ar chuir sé ar láimh shábháilte é.

18. Feicfidh siad é agus caithfidh siad drochmheas airach déanfaidh an Tiarna gáire fonóideach fúthu.

19. Ina dhiaidh seo mar sin déanfar corpáin gan onóir díobh,agus beidh siad ina gceap magaidh i measc na marbh go deo;mar leagfaidh an Tiarna ar lár iad ina mbalbháinagus bogfaidh sé óna mbonn iad;scriosfar iad ar fad, agus beidh siad á gcráagus rachaidh siad i ndearmad agus i ndíchuimhne.

An Breithiúnas Deireanach

20. Tiocfaidh siad agus eagla a n‑anama orthuan lá a dhéanfar a bpeacaí a áireamh,agus de dheasca a ndrochghníomharthaabharfar daorbhreith ina n‑aghaidh.