Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An uair úd seasfaidh an fíréan go mórmhuiníneachos comhair na ndaoine a d'imir géarleanúint airagus a rinne beag is fiú dá anró.

2. Nuair a fheicfidh siad é, glacfaidh siad scanradh móragus cuirfidh a shlánú alltacht orthu,toisc nach raibh súil ar bith acu leis.

3. Déarfaidh siad le cheileagus iad faoi bhráca an aithreachaisagus ag osnaíl go léanmhar:

4. “Nach é seo an duine a ndéanaimisstaicín áiféise agus ceap magaidh de?Le barr díchéille cheapamar nach raibh sa saol a chaith séach buile agus báiní agus gurbh easonórach é an bás a fuair sé.

5. Cad é is cúis leis gur áiríodh ar chlann mhac Dé éagus go bhfuil a ionad féin aige i measc na naomh?

6. Mar sin de, ní foláirnó go ndeachamar ar fán ó shlí na fírinneagus nár shoilsigh solas na fíréantachta dúinnagus nár éirigh an ghrian orainn.

7. Bhí ár sáith againn de chásain na hurchóide agus an bhasctha;chuamar ar fán trí fhásaigh dhíbhealaighagus níorbh eol dúinn slí an Tiarna.

8. Cárbh fhearrde sinn an t‑uabhar?cén tairbhe a rinne an saibhreas agus an mórtas dúinn?

9. D'imigh na nithe sin go léir ar cealmar scáth agus mar scéal reatha,

10. nó mar long a sheolann trí uisce treathnach -nuair atá sí imithe thart ní bhíonn rian di ar fáilná lorg a cíle sna tonnta;

11. nó faoi mar nach bhfaightear fianaise ar bithde chosán éin a eitlíonn tríd an aer -is amhlaidh a bhuailtear an t‑aer éadrom le buillí a sciathán;scoiltear é le fuinneamh a ruathair,agus téitear tríd le corraí a eitíach ina dhiaidh sin ní bhfaightearcomhartha dá laghad ann dá chursa;

12. nó faoi mar a ghearrtar an t‑aernuair a chaitear saighead le sprioc,ach go ndlúthaítear le chéile arís é ar an toirt,sa chaoi nach léir a bealach tríd;

13. sin mar a bhí an scéal againne -níor luaithe a rugadh sinn ná d'éagamaragus ní raibh comhartha ionracais le taispeáint againn.Óir is i lár ár n‑urchóide féin a ídíodh sinn.”

14. Is cosúil dóchas an éagráifighle lochán a ardaíonn an ghaoth léi;agus le cáitheadh mín na farraige,a thiomáineann an stoirm roimpi,agus le deatach a scaiptear le hanfaagus leis an mearchuimhne a choimeádtar ar aoi aon lae.

15. Ach maireann na fíréin go deo;agus tá a luach saothair i lámha an Tiarna,agus déanann an Té is Airde cúram díobh.

16. Dá bhrí sin, gheobhaidh siad coróin thaibhseachagus ceannbheart niamhrach ó láimh an Tiarna;óir cumhdóidh sé lena dheasláimh iadagus cosnóidh sé iad lena ghéag láidir.

17. Beidh a ghrá éadmhar mar airm agus éide aigeagus armálfaidh sé gach ar chruthaigh séchun díoltas a imirt ar a naimhde.

18. Cuirfidh sé an fhíréantacht air féin mar lúireachagus an breithiúnas neamhchlaon mar chlogad;

19. glacfaidh sé an naofacht dhochloíte chuige mar sciath.

20. Cuirfidh sé faobhar ar an bhfearg fhíochmar,chun go mbeidh sí aige mar chlaíomh.Troidfidh an chruinne ina theannta in aghaidh na ngealt.

21. Bladhmfaidh splancacha tintrí amach go ceart caol díreachagus léimfidh siad i dtreo na sprice ó na scamaillamhail is gur caitheadh iad ó bhogha lánlúbtha.

22. Teilgfear clocha sneachta leo go fraochmhar le crann tabhaill;beidh uisce na farraige ag coipeadh ina n‑aghaidh,agus slogfaidh na haibhneacha iad gan taise.

23. Séidfidh anáil an Uilechumhachtaigh ina n‑éadanagus scuabfaidh sí chun siúil iad mar a scuabfadh stoirm cáith.Déanfaidh an t‑aindlí fásach den domhan go léiragus leagfaidh an urchóid cathaoireacha prionsaí ar lár.