Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

A Ghiúdacha

Lorgaigí an Fhíréantacht, Foinse na Neamhbhásmhaireachta

1. A rialtóirí an domhain, bíodh grá agaibh don fhíréantacht;bíodh an-mheas agaibh freisin ar an Tiarnaagus lorgaigí é le hintinn ghlan.

2. Óir is iad na daoine nach mbaineann triail asa fhaigheann é;taispeánann sé é féindo na daoine nach ndiúltaíonn creidiúint ann.

3. Is iad na smaointe mímhacántaa scarann an duine ó Dhia;agus nuair a chuirtear féachaint ar a Uilechumhachtbascann sí lucht na díchéille.

4. Óir ní rachaidh an eagna isteach in anam cealgach,ná ní dhéanfaidh sí cónaíi gcorp atá faoi dhaorbhroid an pheaca.

5. Teitheann spiorad naofa na dea-oiliúna ón gcamastaíl,agus tugann sé a chúl le smaointe gan chiall,agus baintear siar as le teacht na hurchóide.

6. Spiorad daonnachtúil is ea an eagnaach ní mhaithfidh sé a bhriathra don diamhaslóir.Óir tá Dia ina fhinné ar na mianta is doimhne atá ann,agus breathnaíonn sé a chroí go fírinneachagus éisteann sé lena chuid cainte.

7. Mar tá Spiorad an Tiarnatar éis an domhan go léir a líonadh;agus is eol dó siúd a choinníonn gach ní le chéilean uile fhocal a labhraítear.

8. Ar an ábhar sin ní fhanfaidh duine ar bith i bhfolacha labhraíonn go héagórach,agus nuair a thabharfaidh an chóir breithiúnas,ní scaoilfidh sí thairsti é.

9. Cuirfear fiafraí ghéar ar sheifteanna an duine aindiagaagus tabharfar tuairisc do Dhia ar a bhriathrachun go smachtófar é de dheasca a choireanna.

10. Óir tá cluais chruinnaireach ag éisteacht le gach uile níagus níl cogarnaíl chnáimhseála ar bith a fhágfar faoi cheilt.

11. Seachnaígí cnáimhseáil éadairbheach;coinnigí bhur dteanga ón mbéadán;óir an chaint a dhéantar faoi choimní rachaidh sí saor ó phionós,agus milleann béal bréagach an t‑anam.

12. Ná cuir thú féin i mbaol báistrí dhul ar seachrán ó bhealach na beatha;ná tarraing léirscrios anuas ort féin le do mhíghníomhartha.

13. Mar níorbh é Dia a rinne an bás,ná ní ábhar áthais dó bascadh na mbeo.

14. Is amhlaidh a chruthaigh sé gach rudchun go mairfeadh sé go deo.Is folláin iad dúile an domhain;níl aon nimh mharfach iontu,ná níl aon tiarnas ag ifreann ar talamh.

15. Is neamhbhásmhar í an fhíréantacht.

Drochdhaoine agus an Bás

16. Ach ghlaoigh daoine aindiaga an bás chuculena ngníomhartha agus lena mbriathra araon.Cheap siad gurbh é a gcara éagus bhíodh siad ag meath le cumha ina dhiaidh;rinne siad conradh leis,ar is iad atá oiriúnach le bheith i bpáirt leis.