Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Arís, nuair a bhíonn duine ag ullmhú le haghaidh aistear mara,agus é ar tí seoladh amach san fharraige chraosach,éann sé ar smut adhmaid atá níos sobhristená an long a iompróidh é.

2. Ba dhúil sa bhrabach a cheap an long seoagus b'í an eagna an saor a thóg í.

3. Ach is í d'oirchillse, a athair, a stiúrann í.Óir rinne tú bóthar fiú amháin san fharraige féin,agus réitigh tú bealach sábháilte tríd na tonnta.

4. Ar an gcuma seo taispeánann tú gur féidir duitdaoine a tharrtháil ón uile bhaol,sa chaoi go bhféadann duinenach bhfuil scil ar bith aige dul ar bord loinge.

5. Óir, na gléasanna a cheapann d'eagna-sa,is mian leat nach bhfágfaí díomhaoin iad.Ar an ábhar sin taobhaíonn daoine a mbeogo fiú le blúire adhmaid atá an-bheag ar fad,agus tar éis dóibh seoladh tríd an bhfarraige shuaite ar raftabaineann siad a gceann scríbe amach gan bascadh gan bárthain.

6. Fiú amháin i dtús an tsaoil,nuair a bhí na fathaigh uaibhreacha á ndíothú,d'éalaigh dóchas an domhain ar bord raftaagus faoi threoir do láimhe-sé d'fhág sé síol ag an saola bhfásfadh cine nua as.

7. Óir is beannaithe an t‑adhmada n‑eascraíonn an fhíréantacht as.

8. Is mallaithe an t‑íol lámhdhéantaagus an fear a shnoigh é freisin,mar gurbh eisean a rinne an obairagus gur tugadh “Dia” ar an rud somhillte féin.

9. Is fuath le Dia an t‑éagráifeach féinagus tá a chuid éagráifeachta chomh fuafar céanna aige.

10. Go deimhin, cuirfear pionós ní amháin ar an rud a rinneadhach ar an bhfear a rinne é chomh maith.

11. Ar an ábhar sin imreofar díoltas ar íomhánna na bpágánach leismar, bíodh gur cuid de chruthaíocht Dé iad,tá an dearg-ghráin aige orthu;óir níl iontu ach ceap tuisle don ghnáthdhuine,agus bobghaiste do chosa amadán.

Fréamh an Íoladhartha

12. Is é ceapadh íol tosach na drúiseagus is é a n‑aimsiú truailliú na beatha.

13. Ní raibh siad ann i dtús báireagus ní bheidh siad ann i gcónaí.

14. Trí bhaothdhíomas daoine a tháinig siad isteach sa saolagus tá críoch thobann ceaptha dóibh.

15. De dheasca bhás anabaí a mhic a sciobadh uaidh go tobann,bhí de chumha ar a athair go ndearna sé dealbh de,agus ansin gur thug sé an onóir is dual do Dhia amháindo dhune a bhí tar éis bháis,agus gur fhág sé searmanais agus deasghnátha rúndale cleachtadh ag a chleithiúnaithe.

16. Ansir le himeacht aimsire neartaigh ar an nós éagráifeach seonó go raibh feidhm dlí aige,ags go dtugtaí adhradh d'íomhánna greanta ar ordú prionsaí.

17. Ansin nuair nárbh fhéidir le daoineonóir a thabhairt do rialtóirí ina láthairtoisc iad a bheith ina gcónaí i bhfad ar shiúl,shamhlaigh siad dóibh féin cló an rí a bhí i bhfad uathu,ach ar mhian onóir a thabhairt dó,agus rinne siad dealbh shofheicthe dechun go ndéanfaidís lútáil go díograiseach leis an téa bhí as láthair amhail is go raibh sé i láthair.

18. Ansin chun an cultas seo a neartú ghríosaighceardaithe glóirmhianachafiú amháin daoine nárbh aithnid dóibh an rí ar aon chor.

19. Óir de bhrí, b'fhéidir, gur mhian leosásamh a thabhairt don rialtóir,chuireadh siad cló níos deise fós ar an íomhále cuidiú a gcuid ceardaíochta.

20. Dá bharr sin, chuir áilleacht na healaínedraíocht ar na gnáthdhaoine,sa chaoi gur cheap siad gur cheart dóibhábhar adhartha a dhéanamh den té a raibh siadtar éis onóir a thabhairt dó tamall gearr roimhe sin mar dhuine.

21. Bhí sé seo ina bhobghaiste do dhaoine;óir nuair a bhí siad faoi bhráca an bhróin,nó faoi chuing na tíorántachta, thug siad an tAinm doranntaar chlocha agus ar cheapa adhmaid.

Deasca an Íoladhartha

22. Ansin níor leor leo dul amú maidir lena gcuid eolais ar Dhia;ach cé go maireann siad i lár chogadh mór aineolaistugann siad síocháin ar a leithéid sin d'olloilc.

23. Óir, cibé acu a chleachtann siaddeasghnátha tionscanta naíonmharaithe,nó a bhíonn siad páirteach i searmanais rúnda,nó a dhéanann siad pléaráca drabhlásach buile,

24. ní choimeádann siad a mbeatha ná a bpóstaí slángan cháim níos mó.Ach déanann fear luíochán ar fhear eileagus maraíonn sé é;nó meallann sé a bhean chéile chun adhaltranas a dhéanamh leisagus cuireann sé brón agus buairt air dá bharr.

25. Tá gach uile shórt trína chéile;níl le feiceáil ach doirteadh fola agus feallmharú,gadaíocht agus caimiléireacht, lofacht agus mídhílseacht,clampar agus mionnú éithigh,

26. buairt á cur ar dhaoine macánta, míbhuíochas,truailliú anamacha, collaíocht mhínádurtha,ainrialtacht i gcúrsaí pósta, adhaltranas agus ainriantacht.

27. Óir adhradh íol, nár cheart fiú amháin a n‑ainmneacha a lua,tús agus cúis agus críoch an uile oilc.

28. Mar téann a lucht adhartha as a meabhairle barraíocht scléipshuilt,nó déanann siad tairngreachtaí bréagacha,nó maireann siad go hainfhíréanta,nó tugann siad mionnaí bréige go meargánta.

29. Óir de bhrí gur neamhbheo iad na híolaa gcuireann siad a muinín iontu,is dóigh leo, nuair a dhéanann siad mionnú éithigh,nach ndéanfaidh sé sin aon dochar dóibh.

30. Ach bainfear cúiteamh astu ar dhá chúis:toisc go raibh drochmheas acu ar Dhiaagus gur thug siad ró-aird ar íola,agus toisc gur mhionnaigh siad go héagórach le teann cluaineagus go ndearna siad a bheag den fhíorchráifeacht.

31. Óir ní hí cumhacht na nithe a mionnaítear astuach an pionós atá tuillte ag peacaigha bhíonn ag síorbhagairt ar chionta na n‑éagráifeach.