Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cultas an Dúlra

1. Is baoth ó nádúr iad na daoine go léir a bhí aineolach ar Dhiaagus nach raibh sé ar a gcumas fios a fháilar an Té Atá Ann, ó na nithe maithe atá le feiceáilagus nár chuir aithne ar an gceardaítrí mhachnamh a dhéanamh ar a oibreacha,

2. ach a cheap gur dhéithe a rialaíonn an domhan iadan tine nó an ghaoth nó an t‑aer mearnó ciorcal na réaltaí nó an t‑uisce suaite nó soilse neimhe.

3. Má mheas siad gur dhéithe iad na nithe seotoisc gurbh ábhar aoibhnis dóibh a n‑áilleacht,bíodh a fhios acu a oiread is atá a máistir níos fearr ná iad,óir is é údar na háilleachta a chruthaigh iad.

4. Má chuir a gcumhacht agus a n‑éifeacht ionadh orthutuigidís uathu a oiread is atá a ndealbhóir níos láidre ná iad.

5. Mar ó mhéid agus ó áilleacht nithe cruthaithecuirtear eolas ar a ndéantóir go hanalachúil.

6. Ach mar sin féin is beag is inlochtaithe iad na daoine seo.Óir b'fhéidir nach ndéanann siad ach dul ar seachránagus iad ag lorg Dé agus dúil acu lena fháil.

7. Ag maireachtáil dóibh i measc a oibreacha leanann siad orthu á mionscrúdú.Ach is amhlaidh a chuireann a ndealramh cluain orthutoisc gurb álainn iad na nithe atá le feiceáil.

8. Ach arís, fiú amháin iad seo, níl siad inleithscéil.

9. Óir, má bhí sé ar a gcumas an oiread sin feasa a fháil,gurbh fhéidir leo tuairimíocht a dhéanamh faoin saol,cén fáth nár chuir siad aithne ar mháistir na nithe seo níos luaithe?

An tÍoladhradh

10. Baothdhóchas atá bunaithe ar nithe marbha, áfach,is ea dóchas an dreama a thugann déithe ar nithea rinne lámha daoine:ar ór agus ar airgead, a múnlaíodh go healaíontachun íomhánna d'ainmhithe a dhéanamh,nó ar cheap cloiche gan mhaith,a dhealbhaigh lámha snoíodóra éigin fadó.

11. Mar shampla, gearrann saor adhmaid éigincrann so-oibrithe anuas;feannann sé an choirt go léir de go deaslámhach;agus le barr ceardaíochta déanann sé soitheach áisiúil aschun riaradh ar riachtanais laethúla na beatha.

12. Ansin, baineann sé feidhm as an dramhadhmadchun béile a ullmhú dó féin, agus itheann sé a sháith.

13. Agus má bhíonn blogh den dramhadhmad fágthanach bhfuil maitheas ar bith anntoisc é a bheith cam agus lán d'fhadharcáin,tógann sé ina láimh é agus tosaíonn sé ar é a ghearradhleis an neamhaire sin a ghabhann le tráth scíthe;agus snoíonn sé le ceardachas slamchúiseach éagus cuireann sé cló duine air b'fhéidir,

14. nó déanann sé mionsamhail d'ainmhí suarach éigin de.Ansin, smearann sé ócar airagus deargann sé a dhromchla le breasalnó go gclúdaíonn sé gach máchail atá air.

15. Déanann sé cillín dó ansin agus greamaíonn sé don bhalla éá dhaingniú ann le bacán iarainn.

16. Bíonn air seiftiú a dhéanamh roimh ré ar a shon,más ea, ar eagla go dtitfeadh sé;óir is eol dó nach féidir leis déanamh dó féin;mar, níl ann, tar éis an tsaoil, ach íomhá,a mbíonn géarghá aige le cabhair i gcónaí.

17. Ina dhiaidh sin agus uile, nuair a dhéanann sé urnaíar son a mhaoine nó a mhná céile nó a chlainne,ní náir leis labhairt le rud gan anam.

18. Iarrann sé sláinte ar lagrachán agus lorgann sébeatha ó mharbhán;iarrann sé cabhair ar rud atá go fíor-neamhoilte ar fad,agus turas faoi rath ar rud nach féidir dó cos leis a bhogadh.

19. Impíonn sé ar rud a bhfuil lámha gan éifeacht ar bith aige,éifeacht a bhronnadh airi cúrsaí brabaigh agus trachtála agus lámhcheardaíochta rathúla.