Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cloítear na hAmónaigh

1. [Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: “Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.”

2. Ach is é a dúirt Nácháis an tAmónach leo: “Déanfaidh mé conradh libh ar an gcoinníoll seo amháin .i. go mbainfidh mé an tsúil dheas as gach duine agaibh; tabharfaidh mé an tarcaisne sin d'Iosrael go léir.”

3. Dúirt seanóirí Iáibéis leis: “Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.”

4. Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d'insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.

5. Bhí Sól ag filleadh ón ngort i ndiaidh a dhamh. Dúirt Sól: “Cad tá orthu? Cén fáth a bhfuil an pobal ag lógóireacht?” D'insíodar dó a raibh ráite ag na fir ó Iáibéis.

6. Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air.

7. Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: “An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!” Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach d'aonbhuíon.

8. Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá.

9. Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: “Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: ‘Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.’ ” D'imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu.

10. Dúirt muintir Iáibéis [le Nácháis]: “Rachaimid anonn chugaibh amárach, agus ní miste daoibh bhur rogha rud a dhéanamh linn.”

11. Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fagadh beirt díobh le chéile.

12. Dúirt na daoine le Samúéil ansin: “Cé a dúirt ‘An mbeidh Sól ina rí orainn?’ Tugtar anseo chugainn iad le cur chun báis.”

13. Ach d'fhreagair Sól: “Ní chuirfear aon duine chun báis inniu, óir rinne an Tiarna fuascailt ar Iosrael inniu.”

14. Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “Téanaigí go Gilgeál agus déanaimis an ríocht a dhearbhú arís ann.”

15. Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d'fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D'ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.