Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rí á Éileamh

1. Nuair a chuaigh Samúéil in aois, cheap sé a bheirt mhac ina mbreithiúna ar Iosrael.

2. Bhí Ióél mar ainm ar a chéadghin agus Aibiá ar an dara fear; ba bhreithiúna iad i mBéar Seaba.

3. Ach níor lean a chlann mhac ina choiscéimeanna; ghabhadar an cosán claon chun airgid; ghlacaidís breabanna, agus thugaidís claonbhreith.

4. Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá.

5. “Féach,” ar siad leis, “tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.”

6. Níor thaitin sé le Samúéil go ndúirt siad: “Tabhair rí dúinn chun sinn a rialú,” agus ghuigh sé chun an Tiarna.

7. Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu.

8. Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin - thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile - tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa.

9. Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”

10. D'inis Samúéil a raibh ráite ag an Tiarna do na daoine a bhí ag iarraidh rí air.

11. Dúirt sé: “Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach.

12. Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.

13. Tógfaidh sé bhur n‑iníonacha le bheith ina gcumhránaithe agus ina gcócairí, agus ina mbáicéirí.

14. Tógfaidh sé togha bhur ngort agus bhur bhfíonghort agus bhur ngort ológ, agus tabharfaidh sé dá sheirbhísigh iad.

15. Tógfaidh sé deachú de bhur ngrán agus de bhur bhfíonghoirt agus tabharfaidh sé í dá mhaoir agus dá oifigigh.

16. Tógfaidh sé bhur searbhóntaí fear agus ban, agus togha bhur n‑eallaigh agus bhur n‑asal, agus cuirfidh sé i mbun oibre dó féin iad.

17. Tógfaidh sé deachú de bhur gcaoirigh agus beidh sibhse in bhur ndaoir aige.

18. An lá sin glaofaidh sibh amach os ard mar gheall ar an rí a thoghfaidh sibh daoibh féin, ach ní éisteoidh an Tiarna libh an lá sin.”

19. Ach dhiúltaigh an pobal aon aird a thabhairt ar a raibh á rá ag Samúéil, agus dúirt siad: “Ní hea! Teastaíonn uainn rí a bheith orainn,

20. i dtreo go mbeimidne cosúil leis na ciníocha eile go léir agus go mbeidh ár rí dár rialú agus ina thaoiseach orainn ag troid ár gcathanna dúinn.”

21. D'éist Samúéil lena raibh le rá ag an bpobal agus d'aithris sé i gcluasa an Tiarna é. Agus dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar a nglór agus déan rí a cheapadh dóibh.”

22. Agus ansin dúirt Samúéil le fir Iosrael: “Filleadh gach duine agaibh ar a chathair féin.”