Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Filleann an Áirc

1. Bhí áirc an Tiarna i gcríocha na bhFilistíneach ar feadh seacht mí.

2. Ansin chuir na Filistínigh fios ar a sagairt agus ar a n‑asarlaithe agus d'fhiafraíodar díobh: “Céard a dhéanfaimid le háirc an Tiarna? Insígí dúinn conas í a chur ar ais chun a háite féin!”

3. D'fhreagair siad: “Má chuireann sibh áirc Dhia Iosrael ar shiúl, ná cuirigí ar shiúl folamh í; ní foláir daoibh ofráil chiontachta a íoc leis. Ansin leigheasfar sibh agus beidh a fhios agaibh cad chuige nach gcasfadh a lámh uaibh.”

4. D'fhiafraíodar ansin: “Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?” D'fhreagair siad: “Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t‑aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile.

5. Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b'fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.

6. Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?

7. Cóirigí carr nua dá bhrí sin agus dhá loilíoch nach ndeachaigh riamh faoin gcuing. Gabhaigí na ba faoin gcarr agus tugaigí a laonna abhaile uathu.

8. Ansin tógaigí áirc an Tiarna, leagaigí ar an gcarr í, agus cuirigí na dealbha óir atá á n‑íoc agaibh dó mar ofráil chiontachta i gcófra lena hais. Ansin scaoiligí léi agus ligigí di imeacht léi.

9. Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d'éirigh sé seo dúinn.”

10. Rinne na daoine amhlaidh. Thugadar leo an dá loilíoch, agus ghabhadar faoin gcarr iad, agus dhún ar a laonna sa bhaile.

11. Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí.

12. Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.

An Áirc i mBéit Seimis

13. Bhí muintir Bhéit Seimis ag baint fómhar na cruithneachta sa ghleann: d'ardaíodar a súile agus chonaiceadar an áirc agus chuir an radharc sin lúcháir orthu.

14. Tháinig an carr isteach i ngort Iósua ó Bhéit Seimis, agus stad sé ansin. Bhí gallán ansiúd agus bhris na daoine adhmad an chairr agus d'ofráil siad na ba mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

15. Thóg na Léivítigh áirc an Tiarna anuas, agus an cófra, leis na dealbha óir ann, a bhí ina haice, agus leag siad an meid sin go léir ar an ngallán. D'ofráil muintir Bhéit Seimis ofrálacha uileloiscthe, agus d'íobair íobairtí, an lá sin don Tiarna.

16. Nuair a chonaic cúigear flatha na bhFilistíneach é sin, d'fhill siad ar Eacrón an lá céanna.

17. Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;

18. mar an gcéanna le dealbha na luch de réir líon cathracha Filistíneacha uile na gcúig flatha, idir chathracha daingne agus bhailte gan chosaint. An gallán mór ar ar leagadar áirc an Tiarna, is finné é go dtí an lá inniu i ngort Iósua ó Bhéit Seimis.

19. Mharaigh sé cuid de mhuintir Bhéit Seimis mar gur fhéachadar isteach in áirc an Tiarna; mharaigh sé deichniúr agus trí fichid díobh. Rinne an pobal olagón mar gur bhuail an Tiarna chomh dian iad.

20. Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: “Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?”

21. Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: “Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.”