Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Tosach Réimeas Shóil

1. Bhí Sól... bliain d'aois nuair a thosaigh a réim agus bhí sé i réim dhá bhliain agus... ina rí ar Iosrael.

2. Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.

3. Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: “Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!”

4. Agus chuala Iosrael go léir an scéala gur scrios Sól garastún na bhFilistíneach, agus go raibh Iosrael anois in earraid leis na Filistínigh. Tháinig an pobal go léir le chéile go Sól ag Gilgeál.

5. Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.

6. Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.

7. Ghabh [a thuilleadh díobh] thar áthanna na Iordáine anonn go Gád agus Gileád. Bhí Sól fós i nGilgeál agus bhí a lucht leanúna go léir ar ballchrith.

8. D'fhan sé seacht lá, an fad a shocraigh Samúéil, ach níor tháinig Samúéil go Gilgeál, agus bhí an t‑arm ag tréigean Shóil agus ag scaipeadh.

9. Dúirt Sól más ea: “Tugaigí chugam an íobairt uileloiscthe agus na híobairtí comaoineach,” agus d'ofráil sé an íobairt uileloiscthe.

10. Nuair a bhí ofráil na híobartha uileloiscthe déanta aige, seo chuige Samúéil agus chuaigh Sól amach le casadh leis agus beannú dó,

11. ach dúirt Samúéil leis: “Cad tá déanta agat?” D'fhreagair Sól: “Chonaic mé an t‑arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis.

12. Dúirt mé liom féin: ‘Tá na Filistínigh ar tí mé a ionsaí ag Gilgeál, agus níor impigh mé fabhar an Tiarna.’ Níorbh fholáir liom beart a dhéanamh agus d'ofráil mé an íobairt uileloiscthe mé féin.”

13. D'fhreagair Samúéil Sól: “Is baoth an beart a rínne tú. Níor chuir tú an t‑ordú a thug an Tiarna do Dhia duit i gcrích; óir dhaingneodh an Tiarna do fhlaitheas ar Iosrael go brách.

14. Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”

15. D'éirigh Samúéil agus d'imigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin.Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear.

16. D'fhan Sól, a mhac Iónátán, agus an slua a bhí in éineacht leis i nGibeá Bhiniáimin, agus bhí na Filistínigh i gcampa ag Micmeáis.

17. Tháinig lucht creiche amach as campa na bhFilistíneach i dtrí dhíorma; chas díorma díobh i dtreo Ofrá go tír Sheúol;

18. díorma eile i dtreo Bhéit Horón, agus an tríú díorma i dtreo na teorann atá ag féachaint anuas ar Ghleann Zabóím i dtreo an fhásaigh.

19. Ní raibh oiread agus aon ghabha amháin i dtír Iosrael go léir, le heagla, a dúirt na Filistínigh leo féin, go ndéanfadh na hEabhraigh claimhte nó sleánna.

20. Ach théadh na hIosraelaigh go léir síos go dtí na Filistínigh chun faobhar a chur ar gach céachta agus matóg, tua agus brod.

21. Ba é an costas ná dhá thrian seicil ar chéachtaí agus ar mhatóga, agus trian seicil ar fhaobhar a chur ar thuanna, agus ar bhroid a dheisiú.

22. Lá catha [Mhicmeáis] ní raibh duine ar bith d'arm Shóil agus Iónátán a raibh claíomh ná sleá ina láimh seachas Sól agus a mhac Iónátán. 23 Ghabh buíon Filistíneach i dtreo Bhealach Mhicmeáis.