Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.

2. Nuair a imeoidh tú uaimse inniu, buailfidh tú le beirt fhear ag tuama Ráchael ar imeall Bhiniáimin i Zealzach, agus déarfaidh siad leat: ‘Na hasail a bhí á lorg agat, fuarthas iad; is cuma le d'athair anois faoi na hasail, ach tá imní air fúibhse, á rá leis féin: “Céard atá le déanamh agam faoi mo mhac?’ ”

3. Ar aghaidh leat ón áit sin agus tiocfaidh tú go Dair Thábór, mar a mbuailfidh tú le triúr fear ar a slí suas chun Dé i mBéitéil; beidh trí mheannán á n‑iompar ag duine díobh, trí bhuilín aráin ag duine eile, agus seithe fíona ag an tríú duine.

4. Beannóidh siad duit agus tabharfaidh siad dhá builín aráin duit nach foláir duit a ghlacadh uathu.

5. Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.

6. Ansin luífidh spiorad an Tiarna ort féin agus rachaidh tusa freisin ar buile fáidh leo, agus déanfaidh fear eile díot.

7. Nuair a chuirfear na comharthaí sin i gcrích duit, beir ar an bhfaill mar tá Dia leat.

8. Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”

9. A luaithe a thug Sól cúl le Samúéil le himeacht uaidh chuir an Tiarna croí eile ina chliabh agus cuireadh na comharthaí sin go léir i gcrích an lá sin.

10. Nuair a thángadar go Gibeá, casadh buíon fáithe leis; luigh spiorad Dé go tréan air agus tháinig buile na bhfáithe air ina measc.

11. An mhuintir go léir a raibh aithne acu air, nuair a chonaiceadar é, ag fáidheoireacht leis na fáithe, dúradar le chéile: “Cad a d'éirigh do mhac Chís? An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”

12. Agus dúirt duine ón áit: “Agus cér díobh iad?” Uaidh sin a tháinig an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”

13. Nuair a bhí an racht fáidheoireachta curtha de ag Sól, chuaigh sé ar ais [isteach sa teach],

14. agus d'fhiafraigh a uncail de féin agus dá shearbhónta: “Cá ndeachaigh sibh?” D'fhreagair sé: “Ag lorg na n‑asal, agus nuair a chonaiceamar nach bhféadaimis iad a fháil, chuamar go Samúéil.”

15. Dúirt uncail Shóil ansin: “Inis dom, más ea, céard a dúirt Samúéil libh.”

16. Dúirt Sól lena uncail: “Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,” agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta.

Sól ina Rí

17. Ghlaoigh Samúéil ar an bpobal go léir le chéile chun an Tiarna i Mizpeá,

18. agus dúirt le clann Iosrael: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Thug mé Iosrael aníos as an Éigipt agus shaor mé sibhse ó chumhacht na nÉigipteach, agus na ríochtaí go léir a bhí do bhur gciapadh.’

19. Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.”

20. Thug Samúéil treibheanna Iosrael go léir i láthair agus thit an crann ar Bhiniáimin.

21. Ansin thug sé treibh Bhiniáimin i láthair, fine ar fhine, agus thit an crann ar fhine Mhatraí; ansin [ar deireadh thug sé fine Mhatraí i láthair ina nduine agus ina nduine] agus thit an crann ar Shól mac Chís. Chuadar á lorg ach ní raibh sé le fáil in aon áit.

22. Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna.

23. Ritheadar chuige mar sin, agus thugadar amach as sin é agus nuair a sheas sé i measc an tslua bhí airde an chinn aige orthu go léir.

24. Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”

25. Mhínigh Samúéil cearta agus dualgais an rí don phobal agus bhreac i leabhar iad agus chuir sé an leabhar sin i láthair an Tiarna. Scaoil sé an pobal uaidh ansin, gach duine abhaile chun a thí féin.

26. Chuaigh Sól freisin abhaile chun a thí i nGibeá, agus chuaigh an bhuíon gaiscíoch ar chorraigh Dia a gcroí in éineacht leis.

27. Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d'fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.