Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Sól

1. Bhí duine de mhuintir Bhiniáimin darbh ainm Cís, mac Aibíéil, mac Zarór, mac Bhacórat, mac Aifía; Biniáimineach ba ea é agus fear an-saibhir.

2. Bhí mac aige darbh ainm Sól, fear óg dathúil a bhí i mbláth a mhaitheasa. Ní raibh fear níba dhathúla ná é i measc na nIosraelach go léir; bhí airde an chinn aige ar an gcuid eile den phobal.

3. Chuaigh asail Chís, athair Shóil, ar strae, agus dúirt Cís lena mhac Sól: “A mhic, tabhair leat duine de na seirbhísigh, agus cuir chun bóthair; imigh leat a chuardach na n‑asal.”

4. Gabh siad trí ardáin Eafráim, agus trí chríoch Sháilíseá, ach ní bhfuair siad na hasail. Ghabh siad trí chríoch Sheáilím, ach ní raibh siad ann. Ghabh siad trí chríoch Bhiniáimin, ach ní bhfuair siad iad.

5. Nuair a tháinig siad go dúiche Zúf, dúirt Sól leis an seirbhíseach a bhí in éineacht leis: “Téanam, téimis ar ais nó cuirfidh m'athair de a imní faoi na hasail agus cromfaidh sé ar bheith imníoch fúinne.”

6. D'fhreagair seisean: “Féach, tá giolla Dé sa chathair seo, agus is duine é atá faoi dhea-cháil; tagann gach a ndeir sí i gcrích. Téimis ansiúd, más ea, agus b'fhéidir go mbeidh ar a chumas sinn a threorú san aistear atá romhainn.”

7. Ansin dúirt Sól lena sheirbhíseach: “Ach má théimid ann céard is féidir dúinn a thabhairt chun an duine? Tá an t‑arán inár málaí caite, agus níl aon bhronntanas le tabhairt againn chun an ghiolla Dé. Céard atá againn?”

8. D'fhreagair an seirbhíseach Sól arís: “Féach,” ar sé, “tá ceathrú seicil airgid anseo agam. Tabharfaidh mé don ghiolla Dé é agus tabharfaidh sé eolas na slí dúinn.”

9. (Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)

10. Ansin dúirt Sól lena shearbhónta: “Is maith a dúirt tú é! Téanam agus ar aghaidh linn!” Agus d'imíodar go dtí an chathair ina raibh an giolla Dé.

11. Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”

12. D'fhreagair na cailíní: “Tá. Tá sé díreach romhaibh. Brostaigí. Tá sé díreach tagtha isteach sa chathair mar beidh íobairt ar an ardionad ag an bpobal inniu.

13. Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”

14. Ghabhadar suas chun na cathrach, dá bhrí sin, agus ag dul an geata isteach dóibh, chonaic siad Samúéil ag teacht amach ina dtreo agus é ar an tslí suas don ardionad.

15. Bhí foilsiú tugtha ag an Tiarna do Shamúéil an lá sular tháinig Sól, á rá:

16. “Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”

17. Nuair a chonaic Samúéil Sól, dúirt an Tiarna leis: “Sin é an fear a dúirt mé leat! Sin é an té a bheidh ag rialú mo phobail.”

18. Dhruid Sól le Samúéil sa gheata agus dúirt: “Inis dom, más é do thoil é, cá bhfuil teach fhear na bhfíseanna?”

19. D'fhreagair Samúéil Sól: “Mise fear na bhfíseanna. Gabh suas romham don ardionad. Íosfaidh sibh bia liomsa inniu. Scaoilfidh mé uaim thú ar maidin amárach agus inseoidh mé duit a bhfuil ar d'intinn agat.

20. Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d'athar?”

21. D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”

22. Ansin rug Samúéil Sól agus a shearbhónta isteach sa halla agus chuir iad ina suí mar a raibh onóir acu thar an gcuid eile a fuair cuireadh; bhí deichniúr ar fhichid nó mar sin díobhsan ann.

23. Dúirt Samúéil leis an gcócaire: “Tabhair leat amach an chuid a thug mé duit, a ndúirt mé leat faoi: ‘Cuir i leataobh é!’ ”

24. Thug an cócaire an chos agus an t‑eireaball méith leis dá bhrí sin, agus leag os comhair Shóil á rá: “Féach, tá an chuid a coimeádadh á chur romhat. Ith é sin mar coimeádadh duit é go dtí an t‑am a cinneadh le go n‑íosfá é in éineacht leis an dream a fuair cuireadh!” D'ith Sól bia dá bhrí sin an lá sin in éineacht le Samúéil.

25. Thángadar anuas ón ardionad go dtí an chathair. [Cóiríodh leaba do Shól ar dhíon an tí agus chuaigh sé a chodladh inti.]

Sól á Choisreacan

26. Le breacadh an lae ghlaoigh Samúéil ar Shól ar dhíon an tí: “Bí i do shuí,” ar sé, “go seolfaidh mé ar do bhealach thú.” D'éirigh Sól agus chuadar beirt, é féin agus Samúéil, amach ar an tsráid.

27. Nuair a bhí siúlta acu síos go himeall na cathrach, dúirt Samúéil le Sól: “Abair leis an searbhónta gabháil romhainn amach, ach fansa féin mar a bhfuil tú go fóill go n‑inseoidh mé briathar Dé duit.”