Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bás Shóil

1. Chuir na Filistínigh cath ar Iosrael agus theith sluaite Iosrael ó na Filistínigh agus imríodh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.

2. Lean na Filistínigh go dian ar Shól agus ar a mhic agus mharaíodar Iónátán agus Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil.

3. Ghéaraigh ar an gcath in aghaidh Shóil; fuair na saighdiúirí faill air, agus ghoin na saighdiúirí go trom é.

4. Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.” Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.

5. Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis.

6. D'éag Sól, dá réir sin, agus a thriúr mac agus a ghiolla airm, agus a chuid fear go léir, le chéile an lá céanna.

7. Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.

8. Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a bheirt mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.

9. Theascadar an ceann de, agus bhaineadar a éide chatha anuas de, agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal.

10. Chuireadar a éide chatha i dteampall Aisteárót, agus ghreamaíodar a chorp de bhalla Bhéit Seán.

11. Ach nuair a chuala laochra Iáibéis Gileád cad a bhí déanta ag na Filistínigh le Sól,

12. chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad.

13. Ansin thóg siad a gcnámha agus rinne iad a adhlacadh faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.