Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dáiví á Ungadh

1. Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”

2. D'fhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’

3. Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.”

4. Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”

5. Agus dúirt seisean: “Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.” Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.

6. Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.”

7. Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”

8. Ansin ghlaoigh Ieise chuige ar Aibíonádáb agus thug os comhair Shamúéil é, agus dúirt seisean: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

9. Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

10. Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

11. D'fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.”

12. Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.”

13. Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.

Dáiví i Seirbhís Shóil

14. Thréig spiorad an Tiarna Sól agus bhuair drochspiorad ón Tiarna é.

15. Dúirt a ghiollaí le Sól: “Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh.

16. Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.”

17. Dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí dom fear a sheinneann go maith agus tugaigí anseo chugam é!”

18. D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”

19. Chuir Sól teachtairí go Ieise dá bhrí sin á rá: “Cuir chugam Dáiví do mhac atá leis na caoirigh.”

20. Fuair Ieise [cúig] bhuilín aráin, seithe fíona agus meannán agus chuir go Sól iad le Dáiví a mhac.

21. Tháinig Dáiví go Sól ar an tslí sin, agus chuaigh ar seirbhís chuige. Bhí an-chion ag Sól air, agus ceapadh Dáiví ina fhear iompair airm dó.

22. Chuir Sól scéala chun Ieise ansin: “Lig do Dháiví bheith ar seirbhís agam, mar fuair sé gean mo chroí.”

23. Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus d'imíodh an drochspiorad uaidh.