Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cogadh leis na hAmailéicigh

1. Faoin am ar shroich Dáiví agus a chuid fear Zicleag, ar an tríú lá, bhí ionradh déanta ag na hAmailéicigh ar an Neigib agus ar Zicleag. Ghabhadar Zicleag de ruathar agus chuireadar trí thine é,

2. agus ghabhadar na mná agus a raibh ann, idir bheag agus mhór ina mbránna, gan aon duine a mharú, ach na bránna a ghabháil agus imeacht leo.

3. Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna.

4. Ansin chaoin Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis in ard a gcinn go dtí go rabhadar chomh lag sin nárbh fhéidir leo caoineadh a thuilleadh.

5. Beirt bhan Dháiví, Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil baintreach Nábál ó Chairmeil, bhíodar gafa ina mbránna.

6. Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.

7. Dúirt Dáiví le hAibíátár mac Aichímeilic an sagart: “Tabhair chugam an t‑éafód”; agus thug Aibíátár an t‑éafód go Dáiví.

8. Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?” D'fhreagair sé: “Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.”

9. Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin leis an sé chéad fear a bhí ina theannta agus shroicheadar sileán Bhasór (agus d'fhan an chuid eile ina ndiaidh).

10. Lean Dáiví air sa tóir ansin le ceithre chéad fear, ach d'fhan dhá chéad ina ndiaidh mar go rabhadar róthraochta chun dul thar sileán Bhasór.

11. Fuaireadar Éigipteach sna bánta agus thugadar go Dáiví é. Thugadar arán dó agus d'ith sé é, agus uisce le hól dó.

12. Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d'ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche.

13. Ansin chuir Dáiví ceist air: “Cé leis thú?” ar sé, “agus cad as duit?” “Éigipteach óg mé,” ar sé, “daor le hAmailéiceach; d'fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.

14. Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”

15. Dúirt Dáiví leis: “An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?” D'fhreagair sé: “Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.”

16. Nuair a threoraigh sé síos é, b'shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá.

17. Bhí Dáiví á dtreascairt ó chlapsholas go tráthnona lá arna mhárach agus chuir sé iad faoin mbang. Níor tháinig aon duine slán ach ceithre chéad óglach a léim ar muin camall agus a theith.

18. D'fhuascail Dáiví na bránna go léir a ghabh na hAmailéicigh; d'fhuascail Dáiví a bheirt bhan chomh maith.

19. Ní raibh aon ní ar iarraidh, beag ná mór, mic ná iníonacha, creach ná aon ní dár fuadaíodh. Thug Dáiví gach rud ar ais.

20. Ghabh Dáiví na tréada agus na táinte chomh maith agus thiomáin an pobal an t‑eallach seo roimhe. “Seo creach Dháiví,” a liúdar.

21. Ansin tháinig Dáiví go dtí an dá chéad a bhí rothraochta chun é a leanúint, an mhuintir a fágadh ag sileán Bhasór. Chuadarsan amach in airicis Dháiví agus na bhfear a bhí ina choimhdeacht, agus nuair tháinig Dáiví i gcóngar na ndaoine bheannaigh sé dóibh.

22. Ach na cladhairí agus na bithiúnaigh go léir ar na fir a d'imigh amach le Dáiví, dúradar: “Ní dheachadar inár dteannta, agus ní thabharfaimid dóibh dá bhrí sin aon chuid den chreach a d'fhuasclaíomar, ach gur féidir le gach fear a bhean agus a chlann a bhreith leis agus imeacht.”

23. Ach dúirt Dáiví: “Ná déanaigí aon ní dá short, [tar éis a bhfuil] déanta ag an Tiarna dúinn; chosain sé sinn agus thug sé inár láimh dúinn an cheithearn a rinne foghail orainn.

24. Cé réiteodh libh air sin? Is cuma roinn an té a chuaigh síos chun an chatha nó roinn an té a d'fhan leis an mbagáiste. Is ionann an roinn a gheobhaidh siad.”

25. Ón lá sin amach rinne sé reacht agus dlí de sin in Iosrael, rud atá i bhfeidhm go dtí inniu féin.

26. Nuair a tháinig Dáiví go Zicleag, chuir sé cuid den chreach go seanóirí Iúdá, a chairde, á rá: “Seo bronntanas daoibh as an gcreach a baineadh de naimhde an Tiarna”;

27. do mhuintir Bhéitéil, do mhuintir Rámót sa Neigib, do mhuintir Iaitir,

28. do mhuintir Aroéir, do mhuintir Shiofmót, do mhuintir Isteamoa,

29. do mhuintir Rácál, don mhuintir i gcathracha Iarachmael, don mhuintir i gcathracha na gCéineach,

30. don mhuintir i Hormá, don mhuintir i mBór Áiseán, don mhuintir in Atác,

31. don mhuintir i Heabrón, agus do na háiteanna go léir a thaithíodh Dáiví agus a chuid fear.