Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Laoi Hanná

1. Ansin ghuigh Hanná mar leanas:“Tá mórtas croí orm sa Tiarna.Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna.Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde,Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.

2. Níl aon neach naofa mar an Tiarna- níl aon neach seachas thú -Níl carraig mar ár nDia.

3. Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin.Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal,Mar Dia an eolais é an TiarnaAgus meánn seisean na bearta.

4. Briseadh bogha na dtréan,Ach chuir an mhuintir lag an neart mar chrios fúthu.

5. Reic an sách é féin ar arán,Ach tá cothú maith arís ar an seang.Tá seachtar clainne ag an aimrid,Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe.

6. Tugann an Tiarna beatha agus bás.Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;

7. Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir.Leagann ar lár agus ardaíonn in airde.

8. Tógann sé an bocht as an luaithreach;Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh,Á gcur ina suí le flathaAgus ag bronnadh cathaoir onóra orthu.Óir is leis an Tiarna colúin na cruinneAgus is orthu a bhunaigh sé an domhan.

9. Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach;Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas,Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.

10. Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna;Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n‑aghaidh sna flaithis.Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne;Bronnann sé neart ar a ríAgus breis cumhachta ar a ungthach.”

Clann Éilí

11. D'imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d'fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.

12. Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna

13. agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d'ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh

14. agus ropadh sé sa choire nó sa phota é agus thugadh an sagart leis a dtugadh an forc aníos. Mar sin a dhéanaidís leis na hIosraelaigh go léir a thagadh ansiúd go Sileo.

15. Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: “Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.”

16. Dá ndéarfadh an duine: “Dóidís an tsaill, ar dtús, agus ansin tóg cibé rud is mian leat,” deireadh sé, “Cuir uait! Tabhair dom anois é, nó neachtar acu, tógfaidh mé liom é le láimh láidir.”

17. Ba pheaca gráiniúil do na hógánaigh é sin i súile an Tiarna, óir bhí tarcaisne á tabhairt acu don íobairt a bhí á déanamh don Tiarna.

18. Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill.

19. Dhéanadh a mháthair cóta beag dó gach bliain agus thugadh sí chuige é nuair a thagadh sí aníos lena fear chun an íobairt bhliantúil a ofráil.

20. Ansin thugadh Éilí a bheannacht d'Ealcáná agus a bhean á rá: “Go mbronna an Tiarna clann ort ón mbean seo in áit an mhic a thug sí suas don Tiarna.” Ansin théidís abhaile.

21. D'fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.

22. Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála).

23. Dúirt sé leo: “Cad chuige a bhfuil nithe mar sin ar siúl agaibh? Cluinim faoi bhur ndrochbhearta ón bpobal seo go léir.

24. Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna.

25. Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?” Ach thugadar an chluas bhodhar dá n‑athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis.

26. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine.

Bagairt

27. Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: “Deir an Tiarna: ‘Nár nocht mé mé féin do theaghlach d'athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt?

28. Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m'altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d'athar a thug mé m'íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.

29. Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d'ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n‑ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?

30. Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.

31. Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d'athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach.

32. Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d'Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách.

33. An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m'altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear].

34. Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna.

35. Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.

36. Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá:Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d'fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.’ ”