Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XXII

Foillsiughadh pharrtháis neamhdha; 9 gan adhradh daingiol ar bith; agus comhdhúnadh an leabhair.

1. Agus do thaisbéin sé dhamh srúth glan duisge na beatha, coimhdheallruigheach ré criosdal, ag teachd amach ó chathaóir Dé agus a Núain.

2. Agus a lár na shráide, agus ar gach táobh don tsrúth, do bhí crann na beatha, do bheireadh dhá thóradh dhéug úadh, agus do bheireadh a thóradh úadh gacha míos: agus do fhoghlain duille an chroinnsin chum leighis na gcineadhach.

3. Agus ní bhiádh mallughadh ar bith ann ní sa mhó: achd biáidh cathaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do dhéunuidh a shearbhfhoghantuigheadha seirbhís dó:

4. Agus do chífid síad a aghuidh; agus biáidh a ainm á gcláruibh a néudan.

5. Agus ní bhiáidh óidhche ann sin; agus ní bhfuil uireasbhuidh lóchruinn, ná solais gréine orrtha; óir do bheir an Tíghearna Día solas dóibh: agus béid síad na ríoghuibh go sáoghal na sáoghal.

6. Agus a dubhairt sé riom, Is díleas fíreanneach na bríathrasa: agus do chuir an Tíghearna Día na bhfáidheadh náomhtha a aingeal úadh dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh féin na neithe is éigean do dhéunamh go haithghearr.

7. Féuch, tigim go lúath: is beannuighe an tí choimhéudas bríathra fáidheadoireachda an leabhairse.

8. Agus mise Eóin an tí do chonnairc agus do chúaluidh na neithese. Agus an tan do chúala agus do chonnairc íad, do thuit mé síos chum sléuchdana do dhéunamh a bhfiadhnuise chos a naingil do fhoillsigh na neithese dhamh.

9. Achd a dubhairt sé riom, Seachuin thú ar sin do dhéunamh: óir is coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh ná fáidhibh, agus don druing choimhéudas bríathra an leabhairse: déun sléuchduin do Dhía.

10. A dubhairt se riom an tan sin, Ná séuluidh bríathra fáidheadóireachda an leabhairse: óir atá a naimsir a lathair.

11. An tí do ní éugcóir, déunadh eugcóir do ghnáth: agus an tí atá neamhghlan, bíodh neamhghlan do ghnáth: agus bíodh an firéun, firéunta do ghnáth: agus bíodh an náomh, naomhtha do ghnáth.

12. Agus, féuch, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúach sáothair agum, chum a thabhartha dá gach áon do réir mar bhías a ghníomh.

13. As misi Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, an chéidneach agus an neach deigheanach.

14. As beannuighe an dream choimhéudas a aitheanta, ionnus go mbíadh cumas chrainn na beatha aca, agus cumas dul a steach trés na geataidhibh don chathruigh.

15. Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.

16. Do chuir mise Iósa maingeal uáim chum fíadhnuise do dhéunamh dhíbhse ar na neithibhse sna heagluiseachuibh. Is mise fréumh agus slióchd Dháibhi, réult dheallruigheach na maidne.

17. Agus a deir an Sbiorad agus an bhean núadhphosda, Tárr. Agus abradh an tí chluin, Tárr. Agus tagadh an tí ar a bhfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacadh sé uisge na beatha a naisgidh.

18. Oír do ním dfiadhnuise dá gach áon dá gcluin bríathra faidheadóireachda an leabhairse, Dá gcuiridh éinneach tuilleadh ríu so, go gcuirfe Día airsean na plágha atá sgriobhtha sa leabharsa:

19. Agus dá mbeanuidh éinneach do bhríathruibh leabhair na faidheadóireachdsa, beanfuidh Día a chuidsion as leabhar na beatha, agus as a gcathair náomhtha, agus as na neithibh atá sgríobhtha sa leabharsa.

20. A deir an tí do ní fíadhnuise na neitheannsa, Go deimhin is gearr go dtiucfa mé; Amén. Uime sin, tarr, a Thíghearna Iósa.

21. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén. FOIRCHEANN