Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil VI

O leabhair an Uain, osguilte uaidh féin amhain, orduightear breitheamhnus Dé do chur a ccrich, a bfeadh mhaireas an sáoghal.

1. Do chonnairc mé an tan do dhosguil an Túan an chéid séula do na séuluighibh, agus do chúaluidh mé beathach do na ceithre beathuighibh ag rádh, mar fhúaim tóirrnighe, Gabh a leith agus féuch.

2. Agus do fhéuch mé, agus féuch each bán: agus an tí do shuigh air, do bhí bógha aige; agus tugadh coróin dó: agus do chuáigh sé amach maille ré buáidh, agus chum buáidhe do bhreith dhó.

3. Agus an tan do fhosguil sé an dar séula, do chúaluidh mé an dara beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch.

4. Agus do chuáidh each eile rúadh amach: agus tugadh cúmhachda don té do bhí na shuidhe air, síothcháin na talmhan do bhreith ris, ionnus go dtiubhradh orrtha a chéile mharbhadh: agus tugadh dhó cloigheamh mór.

5. Agus an tan do fhosguil sé an treas séula, do chúaluidh mé an treas beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch. Agus do fhéuch mé, agus féuch each dúbh; agus an té do bhí na shuighe air do bhí meadh aige na láimh.

6. Agus do chúaluidh mé gúth a meadhón na gceithre mbeathach ag rádh, Miosúr cruithneachda air phíghin, agus trí miosúir éorna ar phíghinn; agus ná mill an ola ná an fíon.

7. Agus an tan do fhosguil sé an ceathramhadh séula, do chúala me gúth an cheathramhadh beathuigh ag rádh, Gabh a leith agus féuch.

8. Agus do fhéuch mé, agus féuch each glasbhán: agus a sé don ainm don tí do bhí na shuidhe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugadh cúmhachda dhóibh ar an gceathramhadh cuid don talamh, a marbhadh ré cloidheamh, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainmhinntibh állta na talmhan.

9. Agus an tan do fhosguil sé an cúigeadh séula, do chonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marbhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise do chosnadar:

10. Agus do éigheadar go ghúth ard, ag rádh, Cá fad bhías tú, a Thighearna, náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do dhéunamh ar son ar bhfolainne ar an druing áitigheas ar an dtalamh?

11. Agus tugadh dá gach áon díobh fó leith róbuidhe fada gléigheala; agus a dubhradh ríu, sgur ar feadh tamuill bhig, nó go mbeith uibhir a gcoimhshearbhfhoghantuigheadh agus a ndearbhraithreach ar na choimhlíonadh, noch do bhí ré haghuidh a marbhtha mar íadsan.

12. Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, agus, féuch, do chríothnuigh an talamh go mór; agus do rinneadh an ghrían cómhdhorcha ré héudach róin, agus do rinneadh an ghealach uile cósmhuil ré fuil;

13. Agus do thuiteadar réulta neimhe chum na talmhan, amhuil theilgeas an crann fige a húbhla anabuidh, an tan bhogthar í ré gaóith thréin.

14. Agus do imthigh neamh thoruinn mar leabhrán fhilltear ar a chéile; agus do hathruigheadh gach slíabh agus gach oiléun as a nionaduibh féin.

15. Agus do fholuigheadar ríghthe na talmhan, agus na daóine móra, agus na daóine saidhbhre, agus na hárdchaiptínighe, agus na daóine cúmhachdach, agus gach searbhfhoghantuighe, agus gach duine sáor, íad féin a dtuinthighibh agus a measg charrag na sléibhteadh;

16. Agus a dúbhradar ris na sléibhtibh agus ris na cairrgibh, Tuitibh oruinn, agus folchuidh sinn ó ghnúis an tí atá na shuidhe sa gcathaóir, agus ó fheirg a Nuáin:

17. Oír táinic lá mór a fheirge; agus cía fhédus seasamh?